D'éirigh sé go geal linn. Bhí an-oíche againn. Tús maith!
Bhí lucht éisteachta maith i láthair.
Bhí Gearóid Ó Ceallaigh ina fhear an tí, agus léigh sé
An Príosúnlong Jersey níos déanaí, freisin. Léadh
gach dán as Gaeilge agus ansin as Béarla.
D'inis Réamonn Ó Cléirigh scéal na scoile. Tá an scéal a
scríobh Réamonn ina iomlán sa leabhar.
Léigh Séamas cúpla dán, agus d'inis sé scéalta faoi na cinn a
léigh a chairde. Gach duine a léigh, scríobh gach duine acu
astriúcháin go Béarla sa leabhar.
Léigh Lugh De Paor Fáilte Roimh na
Foghlaimeoirí
Léigh Pádraig Ó Clúmháin Ó Stalla sa Leithreas
Poiblí
Léigh Máiréad Perron An Cailín Deas Óg
D'fhreagair Séamas Ceisteanna le tamall beag.
Thúg Máiréad a dea-ghuí don leabhar agus d'ólamar
seaimpéin.
Dhíol Connor, Emily agus Irene Norton leabhair.
Shínigh Séamas iad.
Bhí ceol ó na Buachaillí Dána, agus cóisir bhreá againn!
Bhíomar go léir an-sásta leis. Ocáid stairiúil a bhí ann do Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín, cinnte.
(Buail ar an bpictiúr thuas chun eolas faoin leabhar a fháil)