Beathaisnéis Shéamais

Séamas Ó Neachtain (Jim Norton)

(For too many details, all in English, click here)

Rugadh agus tógadh Séamas i gContae na Banríona i Nua-Eabhrac, sna Stáit Aontaithe, i mbaile darb ainm Floral Park. Rugadh i 1960 é. Phós sé Irene Scharf i 1988 agus chuir siad fúthu Cois Cuain ar feadh i bhfad, agus ina dhiaidh sin sa Bhablóin Thiar i gContae Suffolk ar Inis Fada, mar a bhfuil cónaí orthu go fóill. Tá mac amháin, Connor, agus iníon amháin, Emily, acu.

Fuair Séamas céim agus iarchéim sa cheol ó Ollscoil na Banríona (CUNY), agus bhíodh sé ina mhúinteoir ceoil ina dhiaidh sin. Cumadóir ceoil ab ea é. D'fhoilsigh Mel Bay leabhar ceoil dá chuid i 1984. Ach i 1991 d'athraigh sé cúrsa agus tá sé ina ríomhchláraitheoir ó shin.

I 1996, thosaigh sé ag foghlaim na Gaeilge, agus d'éirigh mar scríbhneoir ar ball. D'fhoilsítí a chuid scríbhneoireachta go minic sna hirisí Gaeilge in Éirinn (Comhar, Feasta, Lá srl.). Bhíodh sé páirteach ó am go chéile i gcláir raidió agus teilifíse freisin, thall is abhus, le fada. Bhíodh podchraoladh aige le fada, físeáin ar an idirlíon, srl. Bíonn tionscadail áirithe eile ar bun aige i saol na Gaeilge i gcónaí. D'fhoilsigh sé a chéad leabhar filíochta, An File ar Buile, i 2004, agus d'eisigh sé dlúthdhioscaí filíochta agus ceoil a bhain leis ina dhiaidh sin. D'fhoilsigh Coiscéim a úrscéal stairiúil Cogadh Dearg i 2008. D'fhoilsigh sé leabhar filíochta eile, An File agus Araile, i 2009. Tá colún rialta aige sa National Hibernian Digest, dar teideal Tomhas na Teanga, ó 2002 ar aghaidh, agus is minic a scríobhann sé blaganna srl. ar an idirlíon.

I 2009, thosaigh sé chun An Gael, Irisleabhar Idirnáisiúnta na Gaeilge, a fhoilsiú, agus tá sé ina eagarthóir ar an iris ó shin. Bíonn gearrscéalta, filíocht agus ailt eile dá chuid san irisleabhar i gcónaí. Tá Séamas ina mhúinteoir Gaeilge ag Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín le fada, agus gníomhach i gCumann Carad na Gaeilge, freisin.