Rugadh Liam Ó hOdhráin i 1986 ar Inis Fada i Nua Eabhrac sna Stáit Aontaithe. Tógadh é i mbruachbhaile darb ainm Cladach na Bá i gContae Suffolk mar a bhfuil sé ina chónaí fós, agus bhí tógáil an-deas aige. Tá deirfiúr amháin agus deartháir amháin aige. Is é an duine is óige sa teaghlach é.

Nuair a bhí sé ar ardscoil, agus é ag freastal ar ranganna ealaíne, fuair sé amach go raibh a chroí istigh sa phéintéireacht. Rinne sé go maith ar scoil. D'fhreastal sé ar ollscoil, ach níor bhain céim amach, áfach.

Taitníonn an phéinteáil leis i gcónaí. Is breá leis an ceol freisin, agus uaireanta, cumann sé amhráin. Le déanaí, rinne sé ceol le haghaidh podchraoladh a charad. Tá suim mhór aige i gcultúr na hÉireann le blianta fada, agus timpeall 2012 thosaigh sé ag freastal ar Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín chun Gaeilge, teanga na hÉireann, a fhoghlaim. D'éirigh sé, agus anois, tá sé ina mhúinteoir ag an scoil.

Ceol agus Ealaín