Tomhas na Teanga
Nov/Dec 2007
Ar an aonú lá déag den aonú mí déag, ar a
haon déag a chlog, sa bhliain 1918, síneadh an conradh
sosa cogaidh, agus b’shin deireadh an chéad chogadh
domhanda. On the eleventh day of the
eleventh month, at 11:00, in the year 1918, the Armistice agreement was singed,
and that was the end of the first world war.
Ó shin i leith, bímid ag comóradh an lae
sin, agus ag tabhairt measa agus buíochais dár gcrannlaochra. Ever since then, we commemorate that day,
and we give respect and thanks to our veterans. Thugtaí Lá an Sosa
Cogaidh ar an lá le blianta. For
years, the day was called Armistice Day.
Ansin, in 1954, aistríodh an t-ainm go Lá
na nÁrsa. Then, in 1954, the name was changed to
Veterans Day.
Nuair
a síníodh an conradh sosa cogaidh sin in 1918, cheap
roinnt daoine nach mbeadh cogadh mar sin ann riamh arís. When that armistice agreement was signed
in 1918, some people thought there wouldn’t ever be a war like that againn Ach tá a fhios againn gur cuireadh síolta
an dara cogadh domhanda ar an lá céanna sin, agus is léir nach mbeidh deireadh
leis an gcogaíocht sa saol seo, roimh theacht ar ais ár dTiarna. But we know that the seeds of the second
world war were sown on that same day, and it is clear that there will not be an
end to warfare in this world, before the return of our Lord. Mar a dúirt Sé féin. As he himself
said.
Tá sé tábhachtach dúinn meas a thabhairt dóibh siúd a sheas sa
bhearna bhaoil ar ár son, pé cogadh nó bagairt a bhí ann ag an am. It is important for us to show respect to
those who have stood in the breach for our sake, whatever war or threat existed
at the time. Dar
ndóigh, tá scéalta suimiúla agus stair thábhachtach ann a bhaineann le gach
cogadh agus gach aois. Of
course, there are interesting stories and important history having to do with
every war in every age. Rinne Ken Burns sraith chlár teilifíse nua i mbliana faoin dara
cogadh domhanda. KB made a new
TV series this year about WWII. Agus tharla teitheadh na n-iarlaí cothrom na bliana seo 400 bliain
ó shin. And the flight of the
earls happened 400 years ago this year.
Ach ar chúis éigin, bím féin ag díriú m’airde ar an
Chéad Chogadh Domhanda le déanaí. But
for some reason, I myself keep turning my attention WWI lately.
Is
iomaí Éireannach a chaith seal san arm Sasanach i rith an
chogaidh sin, agus is iomaí Éireannach a fuair bás in áiteanna mar
Chun
scéal na saighdiúirí Éireannacha a bhí in arm Shasana sa Chogadh Mór a
thuiscint, molaim leabhar dar teidil The Canal Bridge, le Tom Phelan. To understand the Irish
soldiers who were in the British army during the Great War, I recommend a book
entitled…by… Scéal
an-bhrónach atá ann, ach leabhar an-mhaith. It is a very sad story in it, but a very
good book. Níor thuig carachtair an scéil seo réabhlóidithe 1916 mar laochra, agus tá
dearcadh an-difriúil acu ná mar a chloistear i gcoitinne. The characters of the story didn’t
understand the revolutionaries of 1916 as heroes, and they have a very
different outlook than is generally heard.
Tugann an leabhar seo tuiscint an-mhaith ar an
gcogadh uafásach sin. This book
provides a very good understanding of that terrible war.
Tá
mórán eolais ag Roinn an Taoisigh faoin hÉireannaigh
sa Chéad Chogadh Domhanda ag http://www.taoiseach.gov.ie/irish/index.asp?docID=2535. The Department of the Taoiseach has a lot
of information about the Irish in WWI at…
Mar
atá, táim ag léamh leabhair eile faoin gcogadh céanna, as Gearmáinis. As it happens, I’m reading another book
about the same war, in German. Im Westen
nichts Neues (Diabhal Scéal
san Iarthar), le Erich Maria Remarque. All Quiet on the Western Front, by… Eagrán 1929 a fuair mé ar lascaine le déanaí
is ea é. It’s an edition from 1929
that I got at a discount recently. An leabhar is cáiliúla faoin gcogadh sin atá ann, is
dócha. It’s probably the most famous
book about that war. An-bhrónach, freisin, dar
ndóigh. Also
very sad, of course. Ach leabhar iontach. But a great book.
Guímis
go mbeidh síocháin ar an Talamh, agus nach mbeidh gá
le cogadh ar bith eile, agus go dtiocfaidh Íosa Críost ar ais go luath. Let us pray that there will be peace on
the Earth, and that Jesus Christ will come back soon. Idir an dá linn,
bímis buíoch dóibh a sheasann sa bhearna bhaoil dúinn gach lá. In the meantime, let’s be grateful to
those who man the breach for us every day.
Go raibh maith agaibh a rinne agus a dhéanann. Thanks to you who did and do. Agus Nollag shona do gach éinne! And Merry Christmas to everybody!