Tomhas na Teanga
Nov/Dec 2006
Bhí deis agam
bualadh lenár n-uachtarán náisiúnta Jack Meehan agus n-eagarthóir/staraí
náisiúnta Mike McCormack le déanaí. I had an opportunity to meet our national
president and national editor/historian recently. Bhíomar go léir ag ceiliúradh seasca bliain ó
bunaíodh rannóg a dó, rannóg Naomh Pádraig, in
Is minic go mbíonn a leithéid d’ócáid againn, buíochas le Dia. We often have this sort of occasion, thanks to God. Cad iad na frásaí is úsáidí ina dtaobh? What are the most useful phrases regarding them? Déantar ceiliúradh ar rud. A celebration is made/done on a thing. Cothrom an lae = Anniversary day. Seo samplaí ar an ábhar seo. Here are examples on this subject.
Rinneadh ceiliúradh fiche bliain is cúig ar Údarás na Gaeltachta anuraidh. The 25th anniversary of the Gaeltacht Authority was celebrated last year. “Tá ábhar ceiliúrtha ann gan amhras, mar tá muid i measc chairde [sic] sean agus nua, ag comóradh ceathrú céid de stair an Údaráis agus na Gaeltachta araon,” dúirt Éamon Ó Cuív ag an am. “There is stuff/material/substance/subject of celebration (cause for celebration) without a doubt, as we are among friends old and new, celebrating a quarter of a century of the history of both the Authority and the Gaeltacht (designated Irish speaking districts).
I Mí Feabhra na
bliana seo, bhí cothrom an lae ann do chlár raidió ar
RTÉ. In
February of this year, there was an anniversary day for a radio program on RTÉ.
“Ar fhoireann an
chláir nuachta agus chúrsaí reatha Adhmhaidin
a bronnadh an gradam Clár Raidió na
Bliana. Tá Adhmhaidin ag ceiliúradh fiche bliain
ar an aer i mbliana agus tá ardchaigdeán
iriseoireachta agus tuairisceoireachta le sonrú ar an
gclár ó bunaíodh i dtús ama é,” deir fógra ó RTÉ. “To the
team/staff of the news and current events program Early Morning was awarded the
prize Radio Show of the Year. Early
Morning is celebrating twenty years on the air this year and a high standard of journalism and
reporting are to be noted on the show since it was founded in the beginning of
(its) time,” says an announcement from RTÉ.
Ó Chumann Merriman: “Seoladh dhá dhlúthcheirnín faoi leith ag
Scoil Samhraidh 2005 le ceiliúradh a dhéanamh ar dhá chéad bliain ó bhás Bhrian
Merriman.”
From the Merriman Society: “2 special CDs were released/launched at
Summer School 2005 to celebrate (make a celebration on) 200 years since the
death of Brian Merriman.”
Rinneadh ceiliúradh ar Éirí Amach na Cásca i mbliana.
The Easter Rising was commemorated
this year. “Tá an Rialtas ag
comóradh cothrom an ama 90 bliain ó shin ó bhí Éirí Amach 1916 i mBaile Átha
Cliath faoi Cháisc agus cothrom bliana Chath an Somme le searmanas ag
cuimhneachán an chogaidh i nDroichead na hInse an 1ú
Iúil,” deir doiciméad ó Roinn an Taoisigh.
The government is commemorating
the anniversary of the time 90 years ago of when the Rising of 1916 in Dublin
at Easter time and the anniversary of the year of the battle of the Somme with
a formal ceremony at the war memorial in Islandbridge
on July 1st” says a document from the department of the Taoiseach. Níos déanaí, deir sé “Déanaimid comóradh ar
na himeachtaí sin cothrom an lae seo nócha bliain ó
shin agus cásaímid na daoine sin go léir a bhásaigh.” Later
it says “We commemorate those events which occurred on this day ninety years
ago and lament all those who died.”
Cothrom an lae sin = the anniversary of that day.
Le deich mbliana anuas = for the
past ten years. I gcomóradh c[h]éad
lá bunaithe na Comhairle = in commemoration of the first day of the founding of the Council. Agus anois, i gcomhthéacs, ó Thuarascáil
Bhliantúil 2001 leis An
Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta, agus Oileán: And now
in context, from the 2001 annual report of the Department of Arts, Heritage,
Gaeltacht and Islands:
“I measc na n-imeachtaí a heagraíodh bhí…agus foilsiú leabhair ag Áras Nua-Ealaíne na hÉireann mar cheiliúradh ar a bhfuil bainte amach aige le deich mbliana anuas. Bhí fáiltiú ag an Aire i gCaisleán Bhaile Átha Cliath an 4 Nollaig i gcomóradh céad [sic] lá bunaithe na Comhairle Ealaíon cothrom an lae sin sa bhliain 1951.”
“Among
the events which were organized were…and
a book be published at the New Arts Center of Ireland
as a celebration of all that has been accomplished by it for the last ten
years. The Commissioner was welcomed at
Mar sin, má tá 50
bliain i gceist, seo cúpla rogha. So, if
50 years are what we are talking about, here are a couple of choices. I gcomóradh caoga bliain
(de, nó rud eile sa ghinideach). In commemoration of 50 years
(of, or something else in the genitive). Ag ceiliúradh 50 bliain. Celebrating 50 years.
Ag déanamh ceiliúradh ar 50 bliain. Celebrating 50 years.
Cothrom an lae sin caoga bliain ó shin. The anniversary of that day 50 years ago. Ag ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód – celebrating 50 years in existence (on the ground/spot).
Táimse féin ag ceiliúradh ocht mbliana déag ó lá mo phósta, 19 Samhain. I myself and celebrating 18 years from the day I married, November 19th . Sin cothrom lá ár bpósta, 18 bliain ó shin. That’s the anniversary of our marrying, 18 years ago.
Beimid ag ceiliúradh cothrom breithlá
Chríost timpeall 2006 bliain ó shin um Nollaig, freisin, dár
ndóigh! We will be celebrating the birthday of Christ around 2006 years ago at
Christmastime, too, of course!
Nollaig shona daoibh go léir, mar sin!
Merry Christmas to you all,
therefore!