Tomhas na Teanga
March/April 2007
Scríobh Naomh
Pádraig as Laidin, ach bhí Gaeilge aige, dar ndóigh.
St. Patrick wrote in Latin, but he knew Irish, of course. Tá dhá litir a scríobh sé ann
fós. Two letters he wrote still
exist. Seo sliocht as an gceann ar a dtugtar, de ghnáth, “An Fhaoistin.”
Here’s a passage from the one which is usually called “The
Confession.” Chuir Pádraig Ó Fiannachta an Ghaeilge air,
agus tá sé foilsithe i dteannta leis an mBíobla Naofa. P.Ó.F. translated it into Irish, and it is published together with the Holy Bible.
“Agus
arís faoi cheann beagán blian[ta] bhí mé sa Bhreatain
le mo thuismitheoirí;
ghlac siadsan liom mar mhac, agus
d’impigh siad ó chroí orm, ar a laghad anois tar éis dom an oiread sin cruatan
a fhulaingt, gan imeacht uathu choíche. And again after a few years I was
back in Britain with my parents; they
accepted my as a son, and implored me from their hearts, atleast now after my
having endured so much hardship, that I
should not ever leave them. Agus
ansin chonaic mé i bhfís oíche fear, agus é mar a bheadh ag
teacht ó Éirinn, agus Victoricus mar ainm air; bhí dlús gan áireamh litreacha
aige agus thug sé ceann acu dom agus léas tosach na litreach a ghabh: “Glór na
nGael”. And then I saw in a vision of the night a man, and was as if coming
from Ireland, and Victoricus as his name;
he had an innumerable bunch of letter and he gave one of them to me and
I read the beginning of the letter which said:
“The Voice of the Gaels”. Agus
fad a bhí tús na litreach á léamh os ard agam, shíleas gur chuala ar an nóiméad
sin glór na ndaoine úd a raibh cónaí orthu taobh le Coill Fhochlaid (Vocluti)
atá le hais na mara thiar; agus mar seo a ghlaoigh siad amhail is dá mba d’aon
ghuth: “Impímid ort a ógánaigh (naofa), teacht agus siúl arís inár measc.” And while I was reading the beginning of the
letter out loud, I thought that I heard at that moment the voice of those
people yonder who lived next to
Fochlads Wood which is beside the sea in the West; and it was like this that they called to me
as if they were of one voice: “We
implore you O (holy) young man to come and walk again amongst us.” Bhíos croíbhrúite go mór agus níor
fhéadas a thuilleadh a léamh agus ansin dhúisíos. I was quite broken hearted
and I couldn’t read any more and then I awoke.
A bhuí le Dia gur dheonaigh an Tiarna dóibh tar éis a lán blian[ta] de réir mar a ghlaoigh siad.” Thanks to God that the Lord granted to
them after many years just as they had asked for.
Tá
eagras tábhachtach in Éirinn a thacaíonn leis an nGaeilge, ar a dtugtar Glór na nGael (teo.) (www.glornangael.ie). There is an important organization in
“…ba léir do Chumann na Sagart (a bunaíodh sa bhliain 1916) go
raibh gá le gléas misnithe éigin do phobal na tíre. …it was clear to the Society of Priests
(which was founded in 1916) that there was a need for a means to encourage the
people of the country. Thángthas ar choincheap
comórtais, idir phobail, i gcur chun cinn na Gaeilge agus bunaíodh an comórtas
Glór na nGael. The concept of a competition was come up with,
between communities, in the advancement of the Irish language and the GnanG
competition was founded. Bunaíodh
Glór na nGael faoi chomhéarlamhacht Uachtarán na hÉireann, Éamon de Valera,
agus an Chairdinéil John Dalton, i gcuimhne ar ghlór
na ndaoine a chuala Naomh Pádraig agus iad ag glaoch air chun filleadh ar
Éirinn. GnanG was founded under the
co-patronage of the president of
“Is í aidhm an chomórtais ná aitheantas a thabhairt don choiste a
dhéanann an dul chun cinn is fearr i rith na bliana ar son na teanga agus ar
son an chultúir,” deir siad. “It is
the aim of the competition to give recognition to the committee which makes the
best progress during the year on behalf of the language and the culture,” they say. Le dhá bhliain anuas, tá
comórtas domhanda acu, freisin. For
the last two years, they have had a worldwide competition, too. Seo mar a deir siad ina leith This is what they say about
it: “Tabharfaidh sé
spreagadh agus moladh do na grúpaí thar lear atá ag tabhairt faoi obair
fhorbartha na Gaeilge cheana féin. It
will give incentive and praise to groups overseas that are engaged in work
already developed for the language . Sínfidh sé lámh an
mhuintearais i dtreo na nGael thar lear agus dearbhóidh sé tábhacht na nGael
sin i bpobal na Gaeilge. It will
extend a friendly hand to the Gaels overseas and assert the importance of the
Gaels in the Irish language community. Déanfar an Ghaeilge
a cheiliúradh ar stáitse domhanda ar bhealach nua. The language will be
celebrated on a worldwide stage in a new way.
Meallfaidh sé grúpaí
Éireannacha atá ag plé leis an gcultúr Gaelach, ar nós
an cheoil agus an damhsa, díriú go sainiúil ar labhairt na Gaeilge. It will attract groups of Irish people
which have to do with the Gaelic culture, such as music and dance, to focus
specifically on speaking the language. Spreagfaidh sé
daoine agus grúpaí chun tréimhsí saoire cultúrtha a chaitheamh in Éirinn
ar bhonn rialta, go háirithe i gceantair Ghaeltachta. It will encourage people and groups to
spend cultural vacation times in
Anuraidh, fuair cumann sa Ghearmáin an
príomhdhuais. Last year, a
society in
Tá
breis eolais faoin gcumann Meiriceánach seo ar fáil ag www.philo-celtic.com. More information about this American
society can be found at…Fuair grúpa in Albain an dara duais, agus grúpa san
Astráil an tríú ceann i mbliana. A
group in