Tomhas na Teanga – July/August 2004

 

 

Many of you are, like I am, interested in history.  The word for history in Irish is ‘stair’ – the ‘ai’ here sounds like the ‘a’ in ‘Harry.’  Abstract concepts in Irish are usually preceded by the definite article – so ‘an (un) stair,’ literally ‘the history.’  An historian is ‘staraí’ (sam ‘a’, ‘ee’ ending).  To say you are an historian, say “Is staraí mé” (iss starree may).  Is staraí Meiriceánach mé – I am an American historian (merricyonahk).  Note that adjectives follow nouns in Irish, generally.  You could also just say ‘Is Meiriceánach mé’ – ‘I am an American’ (- note that there is no indefinite article in Irish).  If you were Irish, you would say ‘ Is Éireannach mé.’  To say you (originally) are from America, you say “Is as (oss) Meiriceá mé.’  How about ‘I like history?’  ‘Is maith liom an stair’ (iss mah (or ‘my’) lum an starr).  Don’t like it?  Change ‘is’ to ‘ní’ (nee): ‘Ní maith liom an stair.’

 

Is is a defective verb, called the copula, which means, well, is!  It is used to identify and to classify, and in a number of idioms.  ‘Is maith liom’ literally means ‘it is good with me.’  ‘Is breá liom’ (bra) is if you really like something (‘breá’ means ‘fine’).  ‘Is fuath liom’ (foo-uh) is if you hate it.  You can also use ‘is’ to identify yourself.  ‘Is mise (mish-uh) Séamas’ – ‘I am Séamas.’

 

And now for some unrelated vocabulary.  ‘Uachtar’ (ooukhtar) is ‘cream.’  It also means ‘upper part’ or ‘top’ – cream comes to the top, get it?   ‘Uachtar reoite (roe-tche) is frozen cream, or ice cream!  ‘Uachtarán’ is ‘president’ – the guy at the top!  Now you should be able to read the whole next paragraph (‘é’ = ‘him’ or ‘it’).

 

Is mise Séamas.  Is Meiriceánach mé.  Ní uachtar mé!  Is maith liom uachtar reoite.  Is maith liom an t-uachtarán.  Is uachtarán maith é.  Ní maith liom uachtarán reoite!

 

Ó am go chéile, téann uachtarán Meiriceánach go Éirinn.  Uaireanta, is maith leo go léir é, agus uaireanta eile, ní maith le grúpaí éagsúla é.

 

Ba é Ulysses S. Grant an chéad uachtarán Meiriceánach a thug cuairt ar Éirinn riamh.  Ní raibh sé ina uachtarán ag an am.  Chuaigh sé ansin ar a thuras domhanda, in Eanáir 1879, dhá bhliain tar éis ag éirí as an oifig dó.

 

Ba é U.S. Grant an fear ba cháiliúla a bhí beo ag an am sin.  Ba sinsir Éireannacha aige.  Bhí mórán Éireannach ina saighdiúirí san arm faoina stiúir.  Ach ba Mheiriceánach amach is amach é.  Bhí amhras faoi, maidir le cúrsaí Éireannacha.  Ceapadh go raibh sé ró-bháúil le Sasana (cé go raibh fadhbanna leo i rith an chogaidh, agus ina dhiaidh).  Faoin uachtarán Johnson, agus é ina ghinearál fós, stad sé banna 4,000 fianna a bhí ag déanamh ionsaí ar Cheanada ó Mheiriceá.  Bhí Ceanada faoi rialtas Shasana fós san am sin.

 

Ba bhall den pháirtí Poblachtach é Grant, dar ndóigh, agus bhí an chuid is mo de na inimircigh as Éirinn sa pháirtí Daonlathach.  Ach bhuaigh sé an cogadh, agus rinne sé jab maith mar uachtarán, le dhá thréimhse (d'ainneoin gach a ndúradh ina dhiaidh).  Fear maith a bhí ann, agus laoch Meiriceánach.

 

Nuair a chuaigh sé go hÉirinn, bhí conspóid ar siúl i Meiriceá faoi na scoileanna agus airgead ón rialtas.  Cheap Grant, mar a cheapaimid inniu, nár chóir reiligiúin a mhúineadh sna scoileanna poiblí.  Cheap sé freisin, nár chóir airgead poiblí a thabhairt do scoileanna Caitliceacha, rud atá conspóideach fós.  Is mór an difear idir an coincheap bunreachtúil Meiriceánach, a scarann creideamh agus an stáit, agus an nós atá in Éirinn.  Tá reiligiúin sna scoileanna poiblí thall ansin.

 

Nuair a bhí sé in Éirinn, fearadh fáilte roimhe, agus bhí siad sásta go leor leis, an chuid is mó.  Ach tharla, mar gheall ar bholscaireacht a dúirt gur frith-Chaitliceach é, as siocair go raibh na tuairimí thuasluaite aige, tharla nach raibh fáilte roimhe ar chor ar bith i gCorcaigh.  Dúirt seisean ag an am, gur trua é nár thuig siad an pholaitíocht Mheiriceánach, ná ár mbunreacht.  Bhí sé mánla faoi.

 

Rinneadh saoránach onórach Éireannach de, agus bhí turas maith aige in Éirinn.  Ach ní dheachaigh sé go Corcaigh.

 

Críochnóidh mé le dán a scríobh Pádraig Ó Beirn ar son The Gaelic Society of New York, a bhí sa New York Herald, 10 Lúnasa, 1885, as Gaeilge, i Meiriceá.  Fuair Grant bás 23 Iúil, 1885.  Chríochnaigh sé a leabhar faoin gcogadh cúpla lá roimhe sin.  Bhí comóradh oll-mhór ann ina onóir - níos mó ná an ceann a rinneamar in onóir uachtarán Reagan.  Thug siad ‘A Gaelic Threnody’ air.  Bhí sé sa sean-chló is sa sean-litriú.  Tá gach a bhaineann leis (Béarla, sean-leagan) ar fáil ag  http://www.scoilgaeilge.org/literature/threnody.htm ).

 

I gCuimhne ar U. S. Grant

 

Marbh!  Inniu, faoi shoith faoi shuan

            Tá an saighdiúir fíor;

Marbh!  Tá an laoch a sheas go buan

            Ar son a thír’;

 

A thír a bhí, le comhrac, fán

            Ó dheas go tuaidh;

Ó bharr go bun ‘tá ‘nois síocháin,

            Ba mhór an bhuaidh!

 

Ciúin cróga bhí sé ins an troid,

            Le misneach lán;

Níor mhianaigh sé a bheith i mbroid

            Fear dubh nó bán.

 

Níor iarr sé glóire in aon bheart,

            Ba mhór a chroí,

Ach tháinig sí go cóir, go ceart,

            ‘Gus las a shlí.

 

Ní fós ó chlann a dhúiche féin

            Do fuair sé glóir’,

Ach in gach tír faoi sholas gréin’

            Fuair sé onóir.

 

Caoinimis é ‘gus ní gan fáth,

            Óir bhí a shaol

‘Na shampla fhíor den bhrí atá

            I sliocht na nGael.

 

Marbh!  Ach beidh a chuimhne beo

            ‘N ár measc go bráth;

Marbh!  Ach beidh ár ngrá níos teo

            Ag fás gach lá!