Athbhliain faoi
mhaise daoibh! Happy New Year! Tá súil agam go raibh Nollaig shona agaibh, agus guím gach
rath oraibh sa bhliain úr. I hope you’ve had a nice Christmas and wish
you every success in the new year.
Ní raibh 2008 éasca ar chor ar bith.
2008 was not at all easy. Táthar ag súil go mbeidh 2009 níos fearr! Hopefully
2009 will be better!
Táim cinnte go raibh aithne ag gach duine againn ar dhuine a fuair bás in
2008. I’m sure that every one of us knew someone who passed away in 2008. Cáillíodh
roinnt daoine cáiliúla, freisin, Nollaig Ó Gadhra ina measc. A
number of famous people were lost, too, NÓG among them. Duine mór le rá ab ea é i saol na Gaeilge. He was
an important person in the world of Irish.
Scríobh sé leabhair agus ailt agus bhí tionchar aige ar go leor
scríbheoirí eile. He
wrote books and articles and influenced plenty of other writers. Bhí sé gníomhach sa pholaitíocht, agus bhí sé
ar an raidió i Nua-Eabhrac, fiú. He was active in politics, and he was even
on the radio in
Cáillíodh roinnt tréamhseacháin Ghaeilge in 2008 fosta. Several
Irish language periodicals were lost in 2008, too. Is cúis náire d’Éirinn nach bhfuil nuachtán
laethúil as Gaeilge ann níos mó. It’s a cause of shame to
Tá sé fíor-dheacair iris nó nuachtán ar bith a choimeád beo in aon teanga. It’s
truly difficult to keep any newspaper or magazine alive in any language. Is mór an trua an chailliúint seo. This
loss is a great pity. Beidh foireann
an nuachtáin gníomhach i saol na Gaeilge fós, ar an idirlíon agus áiteanna
eile. The newspaper’s staff will still be active in the Irish language world,
on the internet and other places.
Nílimid sochloíte mar phobal, mar a d’insis mé don iar-eagarthóir. We’re
not an easily defeated people, as I said to the former editor.
Mar is iondúil, maraon leis na rudaí is na daoine a d’imigh uainn i
mbliana, saolaíodh daoine nua agus foilsiúcháin nua freisin. As
usual, along with the things and people that left us this year, new people and
new publications came to life, too.
Tá irisleabhar nua ann dar teidil Nós* (www.nosmag.com), atá
gleoite go leor, agus a dhíríonn ar lucht léite óg go háirithe. There
is a new magazine called Nós*, which is plenty nice looking, and is
particularly aimed at a young readership.
Agus tá roinnt bhlaganna agus shuímh idirlín nua ann chomh maith. And
there are several new blogs and websites as well. Foislsítear leabhair nua as Gaeilge i gcónaí,
agus tharla gur fhoislíodh cúpla ceann a scríobhadh i Meiriceá i mbliana.
Books are always being published in Irish, and it happens that a couple
were published this year which were written in
Anois, dá dtiocfadh an t-airgead a chailleamar go léir ar ais….Now, if the money we’ve all lost would only
come back…Ach mar a dúirt
an tUachtarán Máire Mhic
Ghiolla Íosa ina hóráid chinn
bhliana (atá ar fáil ag http://www.president.ie/index.php?section=5&speech=597&lang=ire), As
President Mary McAleese said in her end of year speech (available at…) “…tá sé níos tábhachtaí anois
ná mar a bhí riamh, go bhféachfaimis ar chúrsaí an lae inniu i gcomhthéacs na
staire, agus nach ndéanfaimis dearmad ar an fhorbairt mhór atá déanta againn le
roinnt blianta anuas.” “It is more important now than it ever was,
that we should look at today’s events in the context of history, and that we
shold not forget the gret progress we have made for the last several years.” Agus “go bhfuil an ghlúin seo d'Éireannaigh
[agus de shliocht na hÉireann] ar an ghlúin is fearr riamh chun fadhbanna a
réiteach.” And
“that this generation of Irish [and of the descendants of the Irish] is one of
the best ever at solving problems.” Go n-éirí go geal linn uile in 2009. May
we all have a bright and successful 2009.