Iarsmaí

le Séamas Ó Neachtain

Foilsíodh an t-alt seo san irisleabhar Feasta, Bealtaine 2006



Tamall beag ó shin, thaispeáin mo chara Réamonn Ó Cléirigh dom cuid den bhailiúchán irisleabhar atá aige.  Tá samplaí de gach irisleabhar a bhaineann leis an nGaeilge a foilsíodh in Éirinn agus i Meiriceá aige.  Chonaic mé cóipeanna de Irisleabhar na Gaeilge ó 1883, de An Smaointeoir ó 1904, cinn eile ó na 1940í, Feasta ó na 1950í, cóipeanna beaga de Comhar, srl.  Iarsmaí iad ó aoiseanna atá thart, agus a scéal féin ag gach ceann díobh.

 

I gcás an Gaodhal (An Gael) agus gach iris agus nuachtán Gaeilge, bhí mórán scríbhneoirí ann, agus rud le rá ag gach duine díobh.  Scéalta, nuacht, tuairimíocht, filíocht, stair, béaloideas agus caint faoin dteanga agus ngluaiseacht na teanga atá iontu, agus a ghuth éagsúil ag gach aon duine.

 

Ní raibh siad go léir ar aon intinn lena chéile.  Bhíodh díospóireacht ann uaireanta.  Ach bhíodh sonraí a n-aoise le tabhairt faoi deara i gcónaí ina gcuid scríbhneoireachta.  Bhí Éire an-difriúil ann ar chlúdaigh Feasta sna caogaidí, mar shampla.

 

An méad sin Gaeilgeoirí ag scríobh – agus is oth liom a rá, níl aon chuimhne againn ar an chuid is mó díobh.  Na céadta dánta is scéalta, agus mura mbeadh daoine ann mar mo chara á gcaomhnú, ní bheadh eolas ar bith againn faoi shaol beo na Gaeilge sna laethanta sin.

 

Is breá an rud é go bhfuil bailiúcháin mar an gceann seo ann.  Cúis iontais is ea é, is dócha, go bhfuil a leithéid ann anseo i Meiriceá.  Faraor, ní i gcónaí a bhíonn scéal ar fónamh le hinsint ina leith. 

 

Bhí a leithéid de bhailiúchán seanleabhar is irisí ag cara dó.  Bhí bothán spéisiúil aige sa chlós dóibh.  Tháinig beagán fearthainne tríd an dian, agus ní raibh suim sa Ghaeilge ag aon duine dá chlann.  Nuair a fuair sé bás, i ngan fhios dá chairde, chaith a bhean chéile gach dá raibh ann sa bhruscar.  Nach so-chaillte an oidhreacht atá againn?

 

Tá cóip áirithe de Feasta ag mo chara atá ó 1977.  Tá scéal aon leathanaigh ann a scríobh duine ar a bhfuil ríomhaithne agam le blianta.  Bhí mise i mo dhéagóir ag an am sin.  Ní raibh focal Gaeilge agam, agus ní bheadh go ceann na mblianta.  Ach d’fhás sise anuas léi. 

 

D’fhás mé anuas mar Ghaeilgeoir i saol an-difriúil ar fad ná an saol ina dtógadh mo chara seo.  Thosaigh mise ar an nGaeilge a fhoghlaim deich mbliana ó shin.  Ón dtosach, fuair mé Gaeilge agus lucht a cainte is a múinte ar an idirlíon.  Ní raibh a leithéid ann in 1977.

 

Is léir go ndearna an t-eagarfhocal ag tús an eagráin áirithe seo le clóscríobhán, agus scríobhadh na síntí fada ann le peann.  Ní raibh fiú ríomhaire pearsanta ag eagarthóir ag an am sin.  Iarsma ó aois eile is ea é, an t-irisleabhar seo, go díreach mar Irisleabhar na Gaeilge ó 1883.  Rud eile an-difriúil atá ann ná ábhar roinnt mhaith de na hailt, an scéal a scríobh mo ríomh-chara Marion Gunn san áireamh:  ‘Na Trioblóidí sa Tuaisceart.’ 

 

Is Meiriceánach mé, agus níl baint ar bith agamsa leis na Trioblóidí.  Baineann siad leis an stair.  Nuair a thosaigh mé ar Ghaeilge a fhoghlaim, in 1996, bhí cúrsaí dulta  chun suaimhnis.  Le cúnamh Dé, ní bheidh foréigin ag baint leis an nGaeilge domsa riamh.  Ach ní mar sin a bhíodh sé do lucht a labhartha sna seachtóidí. 

 

Tá fógra ar an gcúlclúdach le haghaidh ‘Guaranteed Irish.’  Feachtas a bhí ann ag spreagadh daoine chun earraí a dhéantar in Éirinn a cheannach.  An bhfuil dearcadh eile ann inniu?  An bhfuil gach rud atá agaibhse déanta sa tSín, freisin?  Bhuel, tá Guaranteed Irish ann go fóill, mar eagraíocht, ar aon nós.  http://www.guaranteed-irish.ie/

 

Maraon leis na difríochtaí móra atá le braith sna hirisleabhair seo ó thréimhsí éagsúla, bíonn cúpla rud mar an gcéanna i gcónaí.  Bíonn gach scríbhneoir dílis don teanga agus fonn orthu chun daoine nua – foghlaimeoirí – a mhealladh chuici. 

 

Inniu, tá foghlaimeoirí go leor ann,  i bhfad níos mó foghlaimeoirí ná cainteoirí dúchais, sílim.  An mbeadh ár sinsir sa teanga sásta le toradh a saothair?

 

An bhfuil na cainteoirí dúchais sásta Gaeilge an fhoghlaimeora a léamh?  An bhfuil foghlaimeoirí eile sásta tacaíocht a thabhairt dá chéile?  Beatha duine a thoil, is dócha.  Ach tá daoine áirithe ann nach mbeidh sásta go deo le Gaeilge nach bhfuil ón gcliabhán í.  Ní bheadh ár sinsir sa teanga sásta leis seo, déarfainn.

 

Cén fáth go raibh an dúil mhóir sin acu foghlaimeoirí a ghríosú?  Chun a insint dóibh ‘nach ndeirtear é mar sin?’  (Nílim ag rá go ndéanann cainteoirí dúchais a leithéid – déanann foghlaimeoirí ardnósacha é, de ghnáth). 

 

Cloisim nach mbíonn misneach go leor ag mórán foghlaimeoirí Éireannacha a gcuid Gaeilge a úsáid, mar bíonn imní orthu nach mbeidh siad in ann aon rud a rá ‘i gceart.’  An é an cuspóir a bhí ag ár sinsir?  An cuspóir é ag éinne ar mhaith leis an teanga a bheith mar theanga bheo?

 

Má bhíonn daoine go leor á labhairt, beidh feabhas ar na daoine is laige, agus beidh níos mó tuisceana acu ar na daoine is fearr – agus fásfaidh feabhas orthu as an tuiscint sin. 

 

Bíonn saibhreas ag an gcainteoir dúchais nach mbeidh ag an bhfoghlaimeoir riamh.  Nach bhfuil a fhios sin againn!  Agus bhí saibhreas iontach ag na scríbhneoirí sna sean-irisleabhair sin – na daoine nach cuimhin le héinne san áireamh.  Ach is modh cumarsáide í an teanga,  agus tá rudaí fiúntacha le rá ag lucht a foghlamtha, cé gur amscaí a gcuid cainte uaireanta.  Is baill den tsochaí céanna sin go léir.  Ní neart go cur le chéile.

 

Dála an scéil, tá cuimhne ar Mharion go fóill, cinnte.  Feictear go bhfuil sí ag scríobh do Feasta fós!





Gach ceart ar cosnamh. © 2006 James Norton