Ord Dé

Le Séamas Ó Neachtain

(foilsíodh an scéal seo in Lá Nua agus in Comhar in 2007)

 

 

Beidh mé béal faoi ar an talamh roimh dheireadh an lae seo.  Beidh fuílleach na beatha atá caite agam scaipthe i mo thimpeall agus nochtfar an toradh de os comhair an tsaoil, go drámata, cinnte.  Beidh tábhacht an lae seo léir do gach éinne.  Ní bheidh aon fhilleadh ar ais ann dom.  Agus tá imní go cnámh orm, cé go dtuigim cad tá le déanamh agam.  Táim ag guí, is ag ullmhú, ón nóiméad a dhúisigh mé, roimh bhreacadh an lae.  Táim ag ullmhú le blianta, dar ndóigh, don saghas sin oibre.  Rinne mé mo mhachnamh aireach ar an gcéim seo atá romham cheana.  Ach seo lá na cinniúna.  Ní mór dom siúl isteach inniu agus an beart a dhéanamh, gan teip.  Tá mórán daoine ag brath orm.  Tá siad go léir ag tnúth le fíorú seo ár bpleananna, le toil Dé seo a chuir i gcríoch.  Glór do Dhia na bhfeart, an t-aon Dia amháin.

Éirím as mo leaba.  Tá sé tosaithe.  Ní mór dom bheith cúramach agus mé do mo bhearradh an mhaidin seo.  Tá mise lag, ach tá Dia láidir.  Oibrím chun dea-chuma a chur orm.  Táim glan.  Tá cuma shlachtmhar orm.  Gnáth.  Is gnáth-dhuine mé.  Go fóill.  Ní bheadh a fhios ag éinne go bhfuilim chun gníomh cróga a dhéanamh.  Ach déanfaidh, le cúnamh Dé.  Gan teip.

Siúlaim amach an doras agus tá an spéir chéanna ann, an t-aer céanna.  an ghrian chéanna ag taitneamh.  Tá mo chomharsana ag siúl timpeall.  Ach ní ionann an lá seo agus aon lá eile roimhe.  Níl a fhios agam an bhfuil aon duine de mo chomharsana amhrasach fúm.  Nó fiú fiosrach fúm.  Bíonn comhráite gearra dea-bhéasacha againn ó am go chéile.  Ach ní insím mo scéal ar fad dóibh.  Is gnáth-dhuine mé.  Go bhfios dóibhsean.

Siúlaim go socair go dtí mo charr.  Tá gach a mbeidh uaim faoi m’ascaill agam, faoi chlúdach.  Tá éadaí glana nua ar leith agam don lá seo.  An saghas éadaí a chaithfí ar Neamh, gan dabht.  Táim ag súil leis sin.  Sin príomh-chuspóir mo shaoil.  Sin an sprioc do gach aon ghníomh.  Sin an fáth.  Ar aghaidh liom.  Ar aghaidh linne.  Sea, ba mhaith liom an méad daoine is féidir liom a thógáil i mo chuideachta.  Ní fheadar cé hiad na daoine a bheidh i mo theannta, i bhfírinne.  Is mó rud nach bhfuil ar eolas againn sa saol seo.  Bím amhrasach faoi go minic.  Fúm féin, freisin.  Ní réiteoidh mé gach fadhb inniu, ná baol air.  Ach déanfaidh mé mo chuid, le cúnamh Dé.   Tá súil agam go ndéanfaí mé toil Dé i gceart inniu.  Go ndéana sé a mhaith.

Tiomáinim go cúramach i mo charr go dtí an foirgneamh.  Tá sé an-mhór, an-ghalánta.  Lá breá earraigh atá ann.  An lá mór.  Tá mórán daoine ag teacht amach agus ag dul isteach.  Mórán daoine tábhachtacha.  Seo mo chuspóir.  An ardeaglais.  Faoi cheann tamaill, beidh beagnach gach sagart sa deoise san halla mór seo.  Beidh difear ina gcomhaireamh ag deireadh na maidine seo, gan teip.  Beidh gach rud difriúil ina dhiaidh seo.  Domsa go háirithe, ach dóibhsean uile, freisin.  Agus do na daoine go léir ina dtimpeall.  Comhartha don saol ar fad a bheidh ann, i bhfírinne.  Ní rud beag atá i gceist agam.  Beidh easpaig anseo, freisin.  Prionsaí na hEaglaise Caitlicigh.  Agus na céadta daoine eile.  Beidh an áit plódaithe.  Sea, sin an focal ceart. Fianaise sa bhfíorchreideamh a thabharfaidh mé.      

Siúlaim isteach cúl –doras.  Níl ach cúpla duine sa chuid seo den fhoirgneamh, agus aithníonn roinnt díobh mé.  Táim inghlactha anseo.   Nílim i mo strainséir.  Táim ag ullmhú don lá seo le fada.  Ach inniu, tá mé corraithe as an ngnáth, ag cur allais.  Ní thugann éinne faoi deara sin, go bhfios dom.  Níl ann ach mise.  Tá sé beagnach in am, agus táim an-neirbhíseach.  Faighim cabhair ó chúpla comhghuaillí a bhí anseo romham, chun mo threalamh a chur in ord.  In ord.  Nach oiriúnach an focal sin.  Bíonn focail an-tábhachtach.  Ach inniu, is é an gníomh fisiceach an rud is tábhachtaí.

Nuair a thosaigh mé ar an aistear spioradálta seo, agus is é sin atá i gceist, ní raibh mo thuismitheoirí an-sásta.  B’fhearr leo dá mbeadh bean agam, agus gar-pháistí dóibh.  Cheap mo dheirfiúracha agus mo dheartháireacha go raibh mé as mo mheabhair ar fad, ar dtús.  Bhí fearg orthu, agus mhínigh mé dóibh.  De réir a chéile, thuig siad go léir.  Tá siad bródúil asam anois, agus ar aon intinn liom.   Tá siadsan ag tnúth leis an lá seo níos mó ná mise, déarfainn.  Beidh mé i mo laoch dóibh, agus beidh an meas atá ag a gcuid cairde orthu ardaithe mar gheall ormsa, deir siad.  Beidh a fhios ag gach éinne go ndearna a mac, a ndeartháir, go ndearna mise rud dár muintir.  Feicfidh siad.  Agus ansin, beidh mé ag guí ar a son.

Tá sé in am dom siúl isteach i measc na ndaoine.  Go dtuga Dia a neart dom.  Tá mo chuisle ag bíogadh go tapa.  An bhfeicfidh mé solas?  An gcloisfidh mé guth Dé?  An mbeidh mé aistrithe go tobann?  Nó an mbeidh aon difear ann do mo thuiscint ar an réaltacht, ar an saol seo, ar an saol eile?  Chuala mé na scéalta.  Ach tá sé ag tarlú i bhfírinne anois.  Creidim.  Creidim, gan dabht.  Táim sásta go mbeidh sé go hiontach.  Táim sásta go mbeidh mé i gceart.  Táim ullamh.

Cuirtear na héadaigh speisialta orm.  Abraim véarsaí as scríbhinn an Fháidh.  Cuireann mo chomhghuaillithe a lámha orm, duine i ndiaidh duine, agus ansin imím uathu.  Guím gach rath orthusan, freisin.  Geallaim umhlaíocht rompu.  Siúlaim i m’aonar.  Braithim gach duine ag féachaint orm.  Ach tá sé in am.  Baineann sé leis an ola, deirtear.  Fuarthas sin.  Ach níos tábhachtaí ná sin, gan aon agó, tá sé faoi Dhia.  Baineann sé leis an gceart, agus leis an bhfírinne.  Gheobhaidh siad toradh a shaothair anois.  Déanfar toil Dé.

Titim chun talún, agus ní bhogaim.  Fanaim mar sin le fada.  Éirím go mall.  Is fíor é!  Buíochas mór le Dia.  Níl aon dabht agam anois.  Táim i mo shagart faoi dheireadh.  Tá Dia láidir, agus tá máthair mhaith Aige.  Ar aghaidh linn chun na bhFlaitheas! 

Siúlaim i measc na ndaoine, agus pléascann an áit le bualadh bos.  Go ndéantar Do thoil, a Thiarna, go ndéantar Do thoil!