| Féach an ábhar roimhe seo :: Féach an chéad ábhar eile |
| Údar |
Teachtaireacht |
Fearn
Ina bhall ó: 12 May 2004 Teachtaireachtaí: 1185
|
Seolta: 28 01 28, 2008 5:56 pm Tosaigh ábhar: |
|
|
Tús maith, leath na hoibre  |
|
| Ar ais go barr |
|
 |
jamusn Site Admin

Ina bhall ó: 01 May 2004 Teachtaireachtaí: 1583 Áit Cónaithe: Inis Fada, Nua-Eabhrac
|
Seolta: 30 01 30, 2008 3:26 am Tosaigh ábhar: |
|
|
Fuair mé diúltú ón Sagart. ..ach thaitin an scéal leis (cé gur luadh go bhfuil roinnt mhaith dearmaid sa Ghaeilge agam ). _________________ Is fearr cainteoir ná cáinteoir.
FRC |
|
| Ar ais go barr |
|
 |
Fearn
Ina bhall ó: 12 May 2004 Teachtaireachtaí: 1185
|
Seolta: 30 01 30, 2008 11:35 am Tosaigh ábhar: |
|
|
| jamusn scríobh: | Fuair mé diúltú ón Sagart. ..ach thaitin an scéal leis (cé gur luadh go bhfuil roinnt mhaith dearmaid sa Ghaeilge agam ). |
Meileann muilte Dé go mall
Sílim nach bhfoilsaíonn An Sagart do shaghas úrscéil ar aon nós
Maidir leis an "ábhar" eile d'fhéach mé le focal an ghaoith a ligint duit go raibh "gortghlanadh" le déanamh ar an dréacht: is cuma tá an scéal inleighis ach cur chuige
Beir bua  |
|
| Ar ais go barr |
|
 |
jamusn Site Admin

Ina bhall ó: 01 May 2004 Teachtaireachtaí: 1583 Áit Cónaithe: Inis Fada, Nua-Eabhrac
|
Seolta: 30 01 30, 2008 2:22 pm Tosaigh ábhar: |
|
|
Rinne mé mo sheacht ndícheall, ach níl Gaeilge ghlan agam fós, is dócha. Comhréir agus gramadach, a dúirt. Ní fheadar cad tá i gceist go díreach aige.
Tá a chlár lán le cúpla bliain, dúirt sé. _________________ Is fearr cainteoir ná cáinteoir.
FRC |
|
| Ar ais go barr |
|
 |
Fearn
Ina bhall ó: 12 May 2004 Teachtaireachtaí: 1185
|
Seolta: 30 01 30, 2008 3:26 pm Tosaigh ábhar: |
|
|
| jamusn scríobh: | Rinne mé mo sheacht ndícheall, ach níl Gaeilge ghlan agam fós, is dócha. Comhréir agus gramadach, a dúirt. Ní fheadar cad tá i gceist go díreach aige.
Tá a chlár lán le cúpla bliain, dúirt sé. |
Nach dea-scéal go bhfuil eagarthóirí amuigh ansin do léamh
Comhréir agus gramadach, muis Anois tá tú amhail phéintéara agus daille bheag datha fós air .i. gan idirdhealú idir lí seo is lí súid, anois is arís. Molaim duit do dhréacht a chur faoi bhráid duine báighiúl a bhfuil comhréir agus gramadach aige agus luí faoin a chomhairle: rud ar dheacair a dhéanamh do aon ealaíntóir cionn is gurb é do bhunóg leochailleach féin é. Tá mé cinnte go bhfuil a leithéid do dhuine timpeall NuaEabhrach ach é a bhreabadh  |
|
| Ar ais go barr |
|
 |
jamusn Site Admin

Ina bhall ó: 01 May 2004 Teachtaireachtaí: 1583 Áit Cónaithe: Inis Fada, Nua-Eabhrac
|
Seolta: 30 01 30, 2008 3:55 pm Tosaigh ábhar: |
|
|
Is deacair teacht ar a leithéid, i bhfírinne. Ach má tharlaíonn go mbeidh sé ormsa é a fhoilsiú, déanfaidh. _________________ Is fearr cainteoir ná cáinteoir.
FRC |
|
| Ar ais go barr |
|
 |
Fearn
Ina bhall ó: 12 May 2004 Teachtaireachtaí: 1185
|
Seolta: 30 01 30, 2008 4:33 pm Tosaigh ábhar: |
|
|
| jamusn scríobh: | | Is deacair teacht ar a leithéid, i bhfírinne. Ach má tharlaíonn go mbeidh sé ormsa é a fhoilsiú, déanfaidh. |
Bíodh gearradh is slacht sa dréacht a chuireann tú roimh comórtais is eagarthóirí  |
|
| Ar ais go barr |
|
 |
jamusn Site Admin

Ina bhall ó: 01 May 2004 Teachtaireachtaí: 1583 Áit Cónaithe: Inis Fada, Nua-Eabhrac
|
Seolta: 03 03 03, 2008 2:52 pm Tosaigh ábhar: |
|
|
Fuair mé r-phost inné a chuir misneach ionam. Ach tá obair le déanamh agam ar an scéal. Guígí orm! _________________ Is fearr cainteoir ná cáinteoir.
FRC |
|
| Ar ais go barr |
|
 |
Fearn
Ina bhall ó: 12 May 2004 Teachtaireachtaí: 1185
|
Seolta: 03 03 03, 2008 3:36 pm Tosaigh ábhar: |
|
|
| jamusn scríobh: | | Fuair mé r-phost inné a chuir misneach ionam. Ach tá obair le déanamh agam ar an scéal. Guígí orm! |
Ó Beophianadh
B'fhéidir go bhfuil paidreog le spáráil agam  |
|
| Ar ais go barr |
|
 |
jamusn Site Admin

Ina bhall ó: 01 May 2004 Teachtaireachtaí: 1583 Áit Cónaithe: Inis Fada, Nua-Eabhrac
|
Seolta: 24 03 24, 2008 2:50 pm Tosaigh ábhar: |
|
|
Bhuel, sin é. Diúltaíodh é.
Ar dtús dúradh a leithéid seo:
| Luaigh: | Tá bunmhianach leabhair anseo ach níl sé infhoilsithe mar atá. Bheadh
suim againn ann i bprionsabal ach saothrú breise a bheith déanta air de
réir mar a mholtar anseo. |
Agus sna moltaí:
| Luaigh: | | Tá roinnt fadhbanna ag baint leis an saothar trí chéile, agus níor mhór don údar a léiriú gurbh fhéidir iad sin a chur ina gceart sula bhféadfaí dul níos faide leis. |
Ach
| Luaigh: | | Níltear róbhuartha mar gheall ar aiteas friotail agus míthuiscintí áirithe i dtaobh úsáid bhriathra sa saothar. Is fuirist a leithéid a chur ina cheart agus níor chóir don údar a bheith buartha ina thaobh sin, ach athscríobh áirithe a dhéanamh gan aird air sin. |
Agus
| Luaigh: | | B’fhiú go mór an saothar seo a spreagadh lena fhoilsiú... |
Rinne mé athscríobh ar dhá chaibidil (naoi anois) agus sheol mé ar ais chucu iad, mar a moladh. Táim cinnte go bhfuil siad i bhfad níos fearr. Ansin, iarradh orm mo eolas beathaisnéise, agus sheol mé a raibh scíofa agam cheana, ag insint gur rugadh agus tógadh i Meiriceá mé, srl.
Aréir, léigh mé an freagra deireanach uathu.
| Luaigh: | | ...is baolach nach mbeidh ar ár gcumas leanúint den tionscadal anois. | ...
| Luaigh: | Seans gurbh fhearr a d'éireodh leat le foilsitheoir éigin eile. Ach ba
chóir a bheith an-chúramach agus gan drannadh le dream ar bith nach
gcuirfidh eagarthóir liteartha ceart ar fáil don bhabhta athscríofa. |
...
Agus sa tuairisc ón eagarthór:
| Luaigh: | | ...níl an saothar in aon ghaobhar do bheith ina úrscéal fuinte, infhoilsithe. |
| Luaigh: | | Tá bundeacrachtaí ag baint leis an scéal, nach leigheasfaidh mionleasuithe ar ghnéithe den insint. Is mór an trua gur mar seo atá, agus níor mhór tosú ó bhonn an athuair le Cogadh Dearg chun úrscéal a cheannófaí agus a léifí a dhéanamh de. |
Ach fós:
| Luaigh: | | ...B’fhiú don údar a mhachnamh a dhéanamh ar an saothar trí chéile, féachaint arbh fhéidir leis féin gnéithe de a tharrtháil ar mhaithe le cuspóirí cruthaitheacha eile...i stíl teanga a d’fhéadfadh a bheith ag Éireannach go fírinneach. | agus
| Luaigh: | | Mar sin féin, is cinnte go bhfuil mianach scríobhnóireachta san údar... |
Táim cinnte go dtuigeann siad an margadh, agus ní féidir leo airgead a chailliúint ar mo shon. Críochnóidh mé an leabhar, agus cuirfidh mé ar fáil é ar chuma éigin. Ansin, cuirfidh mé Béarla air, agus léifidh cúpla duine é, b'fhéidir. _________________ Is fearr cainteoir ná cáinteoir.
FRC |
|
| Ar ais go barr |
|
 |
Fearn
Ina bhall ó: 12 May 2004 Teachtaireachtaí: 1185
|
Seolta: 24 03 24, 2008 3:21 pm Tosaigh ábhar: |
|
|
Bhal, chaith siad dua a léamh agus moltaí fhiúntacha a chur faoi do bhráid; agus bhí siad sásta athfhéachaint a thabhairt air.
Ní beag sin mar mholadh
Ach, is léir go bhfuil tú coischéim nó dhó ar thaobh na foirfeachta go fóill
Maith an rud nár lochtaigh siad an scéal, uaidh fhéin. Scéal maith atá ann.
Is oth liom nach raibh scéala níb fhearr acu duitse.
Beir bua agus uachtach  |
|
| Ar ais go barr |
|
 |
jamusn Site Admin

Ina bhall ó: 01 May 2004 Teachtaireachtaí: 1583 Áit Cónaithe: Inis Fada, Nua-Eabhrac
|
Seolta: 10 04 10, 2008 6:35 pm Tosaigh ábhar: |
|
|
Chuala mé ó chomhlacht eile i mBAC inniu, agus tá gach dealramh ar an scéal go mbeidh siad sásta é a fhoilsiú! Ach nílim cinnte fós. _________________ Is fearr cainteoir ná cáinteoir.
FRC |
|
| Ar ais go barr |
|
 |
Fearn
Ina bhall ó: 12 May 2004 Teachtaireachtaí: 1185
|
Seolta: 11 04 11, 2008 10:12 am Tosaigh ábhar: |
|
|
| jamusn scríobh: | | Chuala mé ó chomhlacht eile i mBAC inniu, agus tá gach dealramh ar an scéal go mbeidh siad sásta é a fhoilsiú! Ach nílim cinnte fós. |
Tá súil agam go mbeidh dea-scéal duit
Ná déan dearúd go mbeidh duais do úrscéal san Oireachtas i mbliana, má tá na leasaithe curtha i gcríoch agat  |
|
| Ar ais go barr |
|
 |
jamusn Site Admin

Ina bhall ó: 01 May 2004 Teachtaireachtaí: 1583 Áit Cónaithe: Inis Fada, Nua-Eabhrac
|
Seolta: 13 04 13, 2008 4:32 pm Tosaigh ábhar: |
|
|
Tá Coiscéim chun é a fhoilsiú. Tá níos mó oibre le déanamh agam fós chun é a ullmhú, ach tá eagarthóir agam anois agus sin cabhair mhór. Níos mó le teacht! _________________ Is fearr cainteoir ná cáinteoir.
FRC |
|
| Ar ais go barr |
|
 |
Fearn
Ina bhall ó: 12 May 2004 Teachtaireachtaí: 1185
|
Seolta: 14 04 14, 2008 11:02 am Tosaigh ábhar: |
|
|
Comhghairdeachas  |
|
| Ar ais go barr |
|
 |
|