This is to review chapters 31 – 41 in Progress in Irish. It has all the mistakes of the exercise corrected.
Thug Máire leabhar dom. Bhí sé go dona. Thug sí airgead dom inné, agus d’iarr sí orm é a léamh. Fuair mé focail sa leabhar, agus litreacha. “Tabhair dom peann! Déanfaidh mé leabhar níos fearr! Bainfidh mé na litreacha de. Bainfidh mé mo chuid éadaí díom, déanfaidh mé pictiúir díom, agus cuirfidh mé iad ann. Is buachaill breá mé.”
D’fhiafraigh Máire díom ar léigh mé an leabhar fós. D’inis mé di nach ndearna, agus go raibh sé go dona. “Ní maith liom litreacha,” dúirt mé léi. “Ach is leabhar é,” ar sise. “Is níos fearr leabhar gan litreacha ná é,” dúirt mise. “Cheannaigh tú leabhar olc, a Mháire. Ceannaíonn tú na leabhair is measa i gcónaí, deirim leat!” Dúirt sise nach gceannaíonn, ach go ngoideann sí iad. D’fhiafraigh mé di an bhfeiceann aon duine í. D’inis sí dom go bhfeicim féin í. Dúirt mé go bhfeicim nach ngléasann sí í féin. “Dún do bhéal,” dúirt sise. “Tabhair mo leabhar dom, agus ná bí ag magadh fúm,” dúirt sí. “Ar scríobh tusa é?” d’fhiafraigh mé di.
“Ní dhearna,” d’fhreagair sí. “Cén fáth go bhfuil sé uait, mar sin?” dúirt mé. “Deirim na focail sin, agus is liomsa iad,” dúirt sí. D’fhág mé an leabhar ar an urlár roimpi. “Tar agus faigh é,” dúirt mé. “Tabhair orm é a dhéanamh!” (make me do it), dúirt sí. “Is duine mór tú! Tabhair dom é!” ar sise. “Dá dtabharfainn!” “Inseoidh mé do Mhamaí é!”
Tagann Mamaí. “Má tá sibh ag troid, brisfidh mé bhur gcinn!” arsa Mamaí. “Cé leis an leabhar sin? Cá bhfuair sibh é? Cén fáth go bhfuil tú chomh salach sin, a Mháire? Cá bhfuil do chuid éadaí, a Éamoinn?” ar sise. Dúirt mé nach raibh a fhios agam. Bhí Máire ag gol. Bhí fearg ar Mhamaí. Dúirt Mamaí go mbrisfeadh sí ár gcloiginn amárach. Dúramar léi nach mbeimid abhaile amárach. Deirim leat, ní raibh sí sásta!
Ansin, chonaiceamar Daidí ag teacht abhaile ón bpríosúin. Thóg seiseann an leabhar uainn. “Abair leis gan an leabhar a ghoideadh!” dúirt Máire. Ní dúirt mé aon rud ar bith.
Bhí eagla ar Mhamaí. Cheap sí nach mbeidh airgead ag Daidí. Ach bhí a fhios agamsa go raibh sé faoin talamh sa chlós, fós. “Glaoigh air agus inis dó go dtabharfaimid an t-airgead dó má thagann sé ar ais leis an leabhar sin” dúirt mé. Rinne Máire é. Tháinig sé ar ais. Is fear maith é. Ach ní bheadh sé ag fanacht linn. Is maith leis a scileanna a chleachtadh. Dúirt na gardaí gan é sin a dhéanamh, ach is cuma leis.