Litriú agus Foghrú na Gréigise

An tAnálú

Thar ghuta, ag tús focail, bíonn comhad ann chun taispeáint cé acu garbh nó réidh é an t-análú den ghuta. Nuair atá sé garbh, fuaimnítear an guta le 'h' roimhe. Bíonn uascamóg nó uascamóg tuathal thar an litir, i gcónaí, nuair atá guth ag tús an fhocail. Ní tharlaíonn sé áit eile ar bith.

a0 = a; (análú réidh)
a9 = ha; (análú garbh)
e0 = e; (análú réidh)
e9 = he; (análú garbh)
h0 = é (análú réidh)
h9 = hé (análú garbh)
i0 = i; (análú réidh)
i9 = hi; (análú garbh)
o0 = o; (análú réidh)
o9 = ho; (análú garbh)
u0 = u; (análú réidh)
u9 = hu; (análú garbh)
w0 = ó; (análú réidh)
w9 = hó; (análú garbh)

Na hAicinn

Bíonn aicinn thar na gutaí, freisin, go minic. Ní aithríonn siad an fuaimiú díobh. Ach baineann siad leis an gciall. Is féidir leo bheith ann i dteannta le comhartha an análaithe, freisin, san am céanna. Tá trí chinneáil díobh ann:

agúid
a/
graif
a\
cuairín
a=

Ná bac leo fós!

Na Défhoghair

Tá cúpla défhoghar ann sa Ghréigis. Is féidir go mbeidh análú garbh nó réidh acu. Scríobhtar thar an dara guta an comhartha sin (agus na haicinn) (eu0, mar shampla)

ai
cosúil le 'aghaidh'
ei
cosúil le 'éinne'
oi
cosúil le 'oidhre'
ui
cosúil le 'chuaigh'
au
cosúil le 'gabhar'
eu
cosúil le 'séú'
ou
cosúil le 'ú'

An Fo-iota

Ag deireadh focail, is féidir go mbeidh fo-iota faoi ghuta eile. Ní aithríonn sé an fhuaim de (ach bíonn an tuiseal tabharthach nó rud eile tábhachtach curtha in iúl mar gheall air).

Samplaí: a? e? h? o? u? w?