Urnaí Phágánach

Le Séamas Ó Neachtain

 

 

 

Ó Spioraid istigh

A thugann cumas corraíola

Do lár mo cholainne,

Nocht rúin an dorchadais dúinn;

Dúisigh ár gcéadfaí,

Oscail dúinn an geata cruinn,

Is scaip timpeall d’intinn.

Can dúinn amhrán is laoi,

Bris chun chinn do ghaoth,

Bí i bhfianaise dúinn, is domsa,

Ó pholl mo thóna go dtí ár sróna.

 

 

 

 

Gach ceart ar cosnamh. © 2004 James Norton.