Meon an Uisce

 

 

Titeann uisce na habhann an t-am ar fad;

Ní fheadar as a dtagann sé,

Ná cén fáth go mbíonn sé ann i gcónaí.

Meastar nach bhfuil inti ach móilíní marbha,

Ach nach bhfuil cuma na beochta orthu

Agus iad ar gluais i dteannta a chéile!

 

Tá cruth ar an abhainn nach mbíonn ann riamh;

Athraíonn sí gan stad, gan staonadh;

Ní bhíonn cuma ná déanamh uirthi, agus tá.

Meastar gur rud matamaiticiúil é a meon,

Ach tá sé chomh healaíonta breá,

Ná go mbítear cinnte gur déantús Dé í.

 

Titeann an t-uisce an t-am ar fad;

Airítear gach athrú, agus glactar leis.

Tugann sí suaimhneas dúinn, as a suaiteacht;

Tugann sí misneach dúinn as a héiginnteacht;

Taispeánann sí lena dúile diagacht.

Is beo an t-uisce a thiteann gan aithne gan urlabhra.

 

 

 

 

Gach ceart ar cosnamh. © 2006 James Norton.