Sa Ghort Mór

le Séamas Ó Neachtain

 

 

 

Muise, nach bhfuilimse tábhachtach!

Gach glún romham, bhí siad ag fanacht

Liomsa

Agus le mo chuid filíochta.

 

Féachaim i mo thimpeall abhus;

Ní fheicim aon rian de ghabháltas.

Leamhas

A fheicim, agus é ag tnúth le focail ó Shéamas.

 

Agus scríobhaim i dteanga, muise!

Labhair daoine sa teanga seo cheana.

Banana

A thugaidís fadó ar thoradh.

 

Smaoiním go minic, agus scríobhaim,

Agus is ar iomaí rud tábhachtach a bheirim,

Deirim

Le focail, agus leis an gcor-logainm.

 

Soláthraím faisnéis agus frisnéis,

Ach ní iontusan a chuirimse spéis.

Raiméis

I ndeireadh na dála, is tar éis.

 

 

 

 

 

 

 

 

Gach ceart ar cosnamh. © 2007 James Norton.