Páirc Shneachta

 

Le Séamas Ó Neachtain

 

 

 

Páirc shneachta

I m’aonar

Lá grianmhar

‘S mé ar siúl,

 

Rianta coise

Os mo chomhair

Ina mílte

Dlúth sa chiúnas.

 

Ní raibh ‘fhios agam

Faoin méid sin daoine

Is trácht na madraí

Chomh suaimhneach romham;

 

Ó áit go háit

Ag lorg spáis

Leag mé mo chos

Ar shneachta úr.

 

Páirc shneachta

I m’aonar

‘S mo rian-sa

Bán im’ dhiaidh.

 

 

 

A field of snow
By myself
A sunny day
Me walking

Footprints
Before me
In their thousands
Dense in the quiet.

I didn't know
About the amount of people
And traffic of dogs
So peaceful before me;

From place to place
Looking for space
I placed my foot
On fresh snow.

A field of snow
By myself
And my track
White in my wake.

 

 

 

Gach ceart ar cosnamh. © 2004 James Norton.