Ar Son Mo Thuarastail

le Séamas Ó Neachtain

 

 

 

Is striapach mé ar son mo thuarastail,

Ag díol mo dhínite is beatha mo choirp,

Do mo thruailliú acu mar ghiota feoil,

Is déanfar dearmad díom i ndiaidh an bhirt.

 

Is sclábhaí mé ar son mo thuarastail,

Ní liomsa an t-am, ní liomsa an obair.

Is fada an turas a bhím ag taisteal.

Dóbair go múchann sé toil fhir.

 

Is gaiscíoch mé ar son mo thuarastail

Ag streachailt ar aghaidh, suas an ard,

D’ainneoin an leadráin agus an fhill:

Is foghlaí mé, agus gheobhaidh mé mo stór!

 

Is oilithreach mé, in ainneoin mo thuarastail;

Tá lán a fhios agam nach seo is fearr.

Nílim i mo dhíbeartach anseo ach le tamall,

Is déanfaidh mé mo shlí ar ball sa saol mór.

 

 

 

Gach ceart ar cosnamh. © 2006 James Norton.