8/20/04
Le Séamas Ó Neachtain
Tráthnóna Dé hAoine sa samhradh:
D’imigh mé cúpla nóiméad
Roimh dheireadh an lae
Chun an traein luath a fháil,
Agus cé a bhí romham san ardaitheoir
Ach mo bhas.
Ach d’fhág mé mo bheannacht leis,
Is amach liom mar an ghaoth.
Ach dhealraigh sé dom go raibh
Comhcheilg ann agus
Traenacha faoi thalamh,
Plota chun moill a chur
Orm, idir an traein a dhún
A ndorais os mo chomhair
Amach agus an traein eile a
Tháinig isteach sa stáisiún go
Mall, agus a thaistil gan
Deifir go dtí an dara
Stáisiún agus an easpa
Chomharthaí agus an t-athrú
Ardáin di i ngan fhios
Dom, agus na daoine leisciúla ina
Seasamh agus iad ag siúl gach uile
Treo romham, máistir an stáisiúin ag
Bagairt orainn go bhfuil
An traein
Ar tí
A himeacht di:
“Tá comhcheilg ann,” cheap mé,
Agus mé i mo shuí.
“Fuair mé an bua orthu,
Faoi dheireadh ar mo shlí.”
Ach fós, stadamar.
D’fhanamar i stáisiún
Eile gan mhíniú.
“Tá comhcheilg ann,
Cinnte!”
Agus sa dara stáisiún.
Agus bhí orm fós traenacha a
mhalartú!
Feicim í.
Oscail. Oscail!
Osclaíonn an doras.
Tá falla ann
Agus daoine ag teacht
Isteach cheana féin agus
Mise ag iarraidh
Conair a fháil agus
Fonn ar an traein eile
Imeacht mar
Bhíomar déanach agus
Isteach liom.
Tá sí lán go doras,
Ach faighim suíochán,
An ceann deireanach,
Droim ar aghaidh,
Agus muidne ag
Preabarnach mar nach
Raibh spriongaí cearta
Ann.
“Tá brón orainn as
Ciotaí ar bith a
Rinneamar daoibh”
Arsa fear an challaire.
Muise, níl siad ábalta
Comhcheilg a dhéanamh!
Gach ceart ar cosnamh. © 2004 James Norton.