Le Séamas Ó Neachtain
Thángamar chun ceann amháin a fheiscint.
Leac bhán, le hainmneacha ar an dá thaobh di.
Colún is treas is uimhir is mapa againn.
Chuir mé mo mhéar sna poill, mar Thomás.
Poill éadoimhne críochnúla, ina litreacha,
Focail choitianta aitheanta soléite, is ceithre dháta.
D’fhanamar tamall inár dtost, ag guí tamall eile.
An bhliain chéanna, thugamar faoi deara,
Cuireadh an chuid is mó dá gcomharsana.
Ag féachaint uainn ar dheis, ar chlé,
Leaca bána, a litreacha níos lú, i gcéin
Ag doiléiriú, ag bánú gan léamh.
I bhfad uainn ar an dá thaobh, a ndeireadh,
Is níos faide fós i gcúl is ar aghaidh,
Machaire fairsing bán na mór-ghreille.
Foirfe is díreach iad, na ranganna,
Gan a léamh, go díreach mar an gcéanna;
Sa seirbhís arís, gach éinne.
Ar na ceithre theorainn den pháirc,
Tá crainn ar iomairí, nach bhfuil ard.
Tríothu seo feictear machairí bána.
Níl an áit ina rabhamar ach
Mar stampa postála ar an talamh,
Mar a gheofaí mar cheann de leathanach.
Thar iomaire, bíonn iomaire eile ann.
Níos faide is níos bainne, anall is anonn,
Leac onórach do dhuine nó bheirt, gach ceann.
Thug duine an ceann blianta dá shaol
Dúinne atá beo, i sábháilteacht, nó i mbaol;
Ar son ár dtírne, d’oibrigh siad go fial.
Ní hé seo an t-aon reilig náisiúnta amháin;
Tá cinn eile ann, anseo is thar sáile,
Mílte uaigheanna na laochra, sean is nua.
Thángamar chun ceann amháin a fheiscint.
Thosaíomar luach ár saoirse a thuiscint.
Tá síocháin acusan anois, gan choimhlint.
Gach ceart ar cosnamh. © 2004 James Norton.