Lá, ina Dhiaidh

Le Séamas Ó Neachtain

 

 

 

Bhí mé thiar bóthar beag na smaointe inniu,

Ag amharc ar ais ar am an achrainn.

Dá bhfreagairt a bhím, ar an idirlíon,

Agus tugadh deis dom gearán i gcló,

Agus ar an raidió.

 

Sheas mé ar bhruach Loch an Fhuatha.

Rug mé ar mo bhuicéad, is thosaigh mé ar a thaoscadh.

Fuair mé cead mo bhuicéad a thumadh is a fholmhú.

Agus táim buíoch díobh as mo chuid a fhoilsiú.

 

Dhún gach poll a rinne mé.

D’éirigh an t-uisce níos fuaire.

D’éirigh an tonnaíl níos laige.

D’imigh mé le mo bhuicéad folamh,

Agus an loch lán.

 

Ó am go chéile, bím ag slaparnach fós.

Chorraigh mé na huiscí,

Pé acu maith nó olc ab ea é.

 

 

 

 

 

Gach ceart ar cosnamh. © 2004 James Norton.