le Séamas Ó Neachtain
Caomhnaítear gach uile ní,
Is bítear á dtochailt,
Na hiarsmaí ársa a dearmadadh.
Bíonn dealramh ar an rud úr,
Is oireann sé dá linne,
Ach ní fheictear an nuacht ach go sealadach.
Bíonn iomaíocht leanúnach ann
Lenár seacht sinsear déag,
Tréanfhir is ea iad ina n-iliomad.
Is iomaí cloch sa chlaí,
Ach an dtugtar faoi ndeara é
Go gcuirtear cloch ar chloch i gcónaí?
Gach ceart ar cosnamh. © 2006 James Norton.