Le Séamas Ó Neachtain
Chac éan éigin orm,
Ar mo léine is mo thranglam,
Agus chuir sé i gcuimhne dom
Go bhfuil an bás romham.
Chuaigh mé isteach sa traein
A raibh mé ag fanacht leis,
Isteach sa leithreas
Is nigh mé mé féin.
Ní mhothaigh mé go raibh mé glan
Ar feadh an lae, pé slacht
A chuir mé orm féin, gan rian
Den chac ann ach i m’intinn.
Lá amháin eile roimhe seo
Agus mé i mo sheasamh i gcarr subway plódaithe,
Fuair mé go raibh boladh coimhdeachta ag teacht
Ó bhonn mo bhróige orm, muise.
Ní raibh pioc le déanamh
Ach fanacht le mo sprioc.
Agus cac madra do mo bhuaireamh,
Thug mé samhail don Phurgóid.
Gach ceart ar cosnamh. © 2004 James Norton.