Le Séamas Ó Neachtain
Dá gcuirfí éide saighdiúra ormsa,
Cheapfaí go mbeadh an ceart agam,
Cheapfaí go mbeadh an dualgas orm,
Duine eile a mharú. Cén fáth?
Ní bheadh duine difriúil ionam;
Ní bheadh sé nádúrtha dom;
B’fhearr liom grá a thabhairt dó;
B’fhearr liom mo bheatha a ghéilleadh.
Mura mbeadh an chulaith sin!
Cé a cheap uirthi? Cé a cheadaigh sin?
Cén saghas domhain a bheadh ann
Gan airm, gan éide mharfach?
Feictear é gan samhlú:
Sceimhlitheoirí ag marú
Gan idirdhealú.
Feictear é gan deacracht:
Ár na dtreibheanna san Afraic,
Ár na fórsaí rúnda cumannacha.
Feictear é sa stair,
Nuair a scriostaí bailte,
Cathracha, barra, bun is stoc.
Mar na deich n-aithne,
Is bac, col agus críoch
Culaith an tsaighdeora.
Níor mhaith liom é a mharú fós,
Cé go mbeadh an cead agam,
Seachas cead ag chuile dhuine.
De réir a chéile ón Eoraip
Chríostaí, tarraingíodh an cogadh
I dtreo na sibhialtachta;
Nár chóir dúinn é a stadadh?
Deireadh a chur leis an sciúirse?
Tá daoine ann, agus is síochánaithe iad.
Bíonn siad ina gcónaí i dtíortha móra míleata.
Bíonn siad slán sábháilte.
Bheadh siad sásta bás a fháil
Seachas duine eile a chur chun báis.
Agus mura mbeadh a gcomharsana ann,
Ní bheadh tásc ná tuairisc orthu.
Bheadh siad mar pháistí na Shakers.
Níor mhaith liom é a mharú fós!
Thabharfainn mo bheatha dó, má ba ghá.
Nach é an grá sin? Nach é sin an rud ba chóir?
Ach tagann sé ar thóir do bheatha,
Is bheatha do mháthar, d’athar, do mhuintire.
An bhfuil grá níos mó agat do do naimhde
Ná mar atá agat do do chlann is do chairde?
An grá dóibh iad a chur chun báis
Trí mheán na sleamchúise?
An bhfuil tú chomh naofa sin?
Níor mhaith liom é a mharú fós.
B’fhearr liom é a bheith mar atáimse,
Ina Chríostaí, ina dhuine neamhurchóideach.
B’fhearr liom saol gan stró, gan deora.
B’fhearr liom ríocht Dé. Ach idir an dá linn,
Gabhaim buíochas le Dia go bhfuil daoine ann
Atá sásta rud uafásach a dhéanamh
Chun rudaí níos measa a stadadh.
Tugaim cead dóibh.
Tugaim meas dóibh.
Tugaim onóir dóibh.
Bíodh bród go deo orthu as a gcuid éadaigh.
“Nuair
a chluinfidh sibh caint ar chogaí agus ar ráflaí ar chogaí, ná glacaigí scéin;
óir ní foláir sin a theacht chun cinn, ach ní hé deireadh fós é.” Marcas 13:7
Gach ceart ar cosnamh. © 2005 James Norton.