Cothrom an Lae - Anniversary


le Séamas Ó Neachtain
11ú Meán Fómhair 2002
Translation by Brian De Vale




Gnáth-lá a bhí ann,
Aimsir dheas gheal.
Sílim gur imigh an traein orm -
Do bhíos cúpla nóiméad mall.
Ní raibh a fhios agam
Agus mé ag siúl chuig an bhfoirgneamh -
Cad é an deatach sin sa spéir -
Tine fhoraoise i New Jersey?
Ní dúradh dada sa tsráid.

Nuair a shroicheas mo dheasc
Insíodh dom gur bhuail eitleán
An Lár-ionad Trádála Domhanda.
An ceist a bhí againn, agus sinn
Ag smaoineamh ar ais ar an gcéad bhuama -
An sceimhlitheoireacht nó timpiste í?
Ansin an nuacht faoin dara eitleán;
Gan amhras anois agus cinnte é.
Ansin, chualamar faoin bPeinteagán - 
Bhí ionsaí ar siúl orainn.
Eitleán thíos, tuairteáilte.
Gan ach na scairdeitleáin 
		mhíleata san aer anois,
Torann agus tost aisteach.

Bhí eolas ag duine faoi radharc 
Cúpla urlár thuas.
Do chuas, agus bhí sé 
	 mar scannán Godzilla.
Na créatúir bhochta!
Conas a dheiseofar an damáiste?
Sin mar a cheapas an chéad turas.
An dara turas, bhí túr tar éis titim.
Thar creideamh - túr teilifíseáin 
		 taobh thiar den phúir dheataigh.
An tríú turas - ní raibh ann ach an smúit.
A Dhia!  Ar tháinig mo chairde slán?

Fuair mé limisín abhaile le cúpla comhpháirtí
Agus iar-shaighdiúir Rúiseach dár dtiomáint.
Throid seisean san Afganastáin.  
Bhí Rúisis ag chuile dhuine, ach mise.
Turas mall agus imní air faoina jab.
Bhí a chustaiméirí go léir i dtreis ann.
Agus na sluaite a bhí ag siúl 
		 		ón Droichead Brooklyn.

Nuair a chonacas mo bhean is mo chlann
Bhí domhan nua ann.
Chrochamar suas ár mbratach.


It was an ordinary day,
The weather was fine and clear.
I think I missed the train 
And I was a few minutes late.
I did not know
As I walked towards the building -
What is that smoke in the sky -
A forest fire in New Jersey?
Nothing was said on the street.

When I reached my desk
It was said that a plane had hit
The World Trade Center.
The question was upon us as we thought
About the first bombing -
Was it terrorism or an accident?
Then came the news of the second plane;
Without a doubt now - it was certain.
Then we heard about the Pentagon - 
We were being attacked.
Airplane down, crashed.
With only the military jets 
		 in the air now,
Noise and unsettling silence.

Someone knew about a view
A few floors up.
I went, and it was like a scene 
				from a Godzilla film.
The poor creatures!
How could this damage be repaired?
That's what I thought, the first trip up.
The second time was the tower after it fell.
It was beyond belief - the television tower 
	 		 behind the cloud of smoke.
The third trip up - there was nothing there but smoke.
Dear God!  Did my friends get out safely?

I took a limousine home with some colleagues.
An ex-Russian soldier was driving us.
He had fought in Afghanistan.  
Everyone spoke Russian but me.
It was a slow trip and he was worried about his job.
All his customers were down there.
And the dazed crowds walked over the Brooklyn Bridge.

When I got home to my wife and children,
It was a new world.
We hung out our flag.



bratach

Gach ceart ar cosnamh. © 2002 James Norton.