Codladh Trasnaithe

Le Séamas Ó Neachtain

 

 

 

 

Dhúisigh mé i lár na hoíche aréir,

Ag machnamh ar sheanchairde atá caillte dom.

Níor tháinig codladh orm le tréimhse fada,

Agus mé ag déanamh iontais faoina stair.

 

Dá mbeadh caidreamh eadrainn fós!

An slua mór taibhsí sin i mo cheann;

Dá mbeadh an eagna chéanna agam ansin

Mar a cheapaim go bhfuil agam anocht!

Ach fuair mé a bhfuil agam uathusan;

A n-aghaidheanna  ar mórshiúl os mo chomhar.

 

An amhlaidh a bheas mo smaointe sa todhchaí?

Bhris mo dhúchas tríd an dorchadas,

Agus chonaic snaidhmeanna ornáideacha,

Agus lorg mé théada thaipéis mo shaoil.

 

 

 

 

 

Gach ceart ar cosnamh. © 2005 James Norton.