Buaileam Sciath is Bualadh Sciatháin

Lá na Gaeilge, 22 Aibreán 2006

le Séamas Ó Neachtain

 

 

Bhí sé ag cur báistí

Nuair a chuaigh mé go WFUV,

Is ní mar ba ghnáth liom a bhí:

Ní dheachaigh mé ar strae.

 

Bhí mé i mbun an chláir,

Ag tabhairt cabhrach do mo chara

A bhí féin as láthair,

Agus bhí mé breá sásta.

 

Ina dhiaidh sin uile,

Thaistil mé ó Fhordham go hÍ –

Sin na hollscoileanna –

Is mé caillte sa Bhroncs mar i gcónaí.

 

Bhí mé ag brath ar mo mhapa, agus

Mar saghas éachta gan choinne,

Fuair mé in am an campus,

Is chuir mé mo charr sa gharáiste.

 

Sea, tugadh dom cuireadh

Chun bheith ann mar mhúinteoir,

Is rang sealadach a stiúradh,

Mar bhíos cáilithe mar Ghaeilgeoir.

 

Bhí na daoine go deas,

Is d’fhoghlaim siad uaim;

Sílim gur thuil mé a meas,

Níor bhrath mé aon ghruaim.

 

Ba thoil le cúpla duine

Caint liom ‘s mise dá dtaifeadadh,

agus ba é sin rud a rinne –

‘S fuair mo phodchraoladh taisce.

 

Thuig siad go léir mé,

Is mé faoi lán seoil;

Sílim gur thaitin sé

Fiú nuair a rinne mé ceol.

 

Níos luaithe sa lá,

Moladh thar barr a fuaireas,

Is mé ag déanamh comhrá

Le cainteoir ó dhúchas.

 

Léigh mé ó mo leabhar

Os comhair an tslua,

Is ní raibh siad bodhar,

Ní raibh siad gan trua.

 

D’inis mé scéalta

Faoi m’ailt in sna hirisí;

D’fhág mé slán le mo chara,

Is ba bhuíoch is chroíúil í.

 

Amach liom sa bháisteach,

Ar ais chuig an gcarrchlós;

Abhaile liom, as go brách,

Ach i ndán dom a bhí rud fós.

 

Bhí mé breá sásta liom féin,

Is ní fheadar ar pheaca é;

Bhí mé fós ann i gcéin,

Caillte sa gharáiste mé.

 

Tar éis bailiú na mbuanna

Ag deireadh lae fhada dom,

Bhuail mé is bhris mé cúinne

Mo ghluaisteáin ar cholún –

                                              dom.

 

 

 

 

 

 

 

 

Gach ceart ar cosnamh. © 2006 James Norton.