Tá Dhá Eite Chlé ar Labhraidh Loingseach

Le Séamas Ó Neachtain

 

 

Tá saolta áirithe bunaithe ar mhiotais,

Ar Chú Chulainn agus Vítneam,

Ar an nGobán Saor agus a uirlis,

Agus mhaoiniú Meiriceánach d’Osáma.

 

Inchinn an tréinfhir agus inchinn an uachtaráin

Ina gcnámha spairne, ina sliotair araon acu;

Béaloideas béalchráifeach ó dhuine go duine

Béalscaoilte mímhúinte:  baosra.

 

Dhéantaí triail de gach scéal leis na cianta,

De ghlanmheabhair is de mheabhair ghlan;

Insíodh dóibh, glacadh leis an bhfírinne;

Scríobh na manaigh a raibh in amhras ann.

 

Níl sé amhlaidh sa lá atá inniu ann, ámh.

Seasann na seanscéalta agus tá maitheas iontu;

Seasann na scéalta nuachumtha mar shac folamh.

Dá mbeadh Pádraig fós ann, chun saolta a thiontú.

 

 

 

Gach ceart ar cosnamh. © 2005 James Norton