Le Séamas Ó Neachtain
Meiriceá is ainm dom, na Stáit Aontaithe,
Is ná doirt deoir domsa, a dhuine.
Coca Cola, sin rud nár bhlas tú riamh, is dócha;
Haliburton is Microsoft is McDonald’s, do naimhde;
Agus aire duit roimh an iolar atá ar thóir do shúile;
Eagla ort roimh m’arm, m’uachtarán, agus araile;
Ligeann tú ort go bhfuil tú i d’fhear feasa,
Deora bréagacha ag titim ar do shean-nathanna smolchaite,
Ar a dtabharfar cliste, clúiteach, dea-eagraithe,
Veidhlín á sheinm, an Néró i do cheann cleachta;
Is mar sin a chumann tú do bhreithiúnais mhórchúiseacha.
Táim dubh dóite leis an saghas sin diabhlaíochta;
Treoraí dall na ndall tú, do mo chlúmhilleadh.
Gach ceart ar cosnamh. © 2005 James Norton.