le Séamas Ó
Neachtain
Siúlaim ón stáisiún traenach
Go dtí an oifig, is ar ais.
Tá meall faoin asfalt ar an slí,
Agus déanaim cinnte go siúlaim air.
Sílim go dtéann sé in ísle
Beagán ar bheagán, céim ar chéim,
Gach uair a leagaim mo chos air.
Ní fheadar cén fáth go bhfuil sé ann.
Níl a fhios agam cad tá istigh ann.
Tá sé chomh mór le ceann duine.
Duine eile a shiúil an cúrsa seo tráth, b’fhéidir.
Gach ceart ar cosnamh. © 2008 James Norton.