An tIdirdhealú

Le Séamas Ó Neachtain

 

 

 

Más breithiúna sinn

A chreideann i bhfírinne,

Is breithiúnas sin.

 

Pé roghanna a dhéanaimid,

Ní bhíonn siad mar an gcéanna,

Tar éis na mbeart.

 

Má tá ceart ann,

Tá mícheart ina theannta.

Ní ionann iadsan.

 

Mura bhfuil fírinne ann,

Níl fiú an dán seo anseo;

Níor cheap, níor scríobh, níor léigh.

 

Ní leor do do shásamh

An fhírinne atá agamsa,

Más í a malairt dá bhfuil agatsa í.

 

Bíodh an dubh ina bhán agat,

Do cheann ina chíor thuathail,

Fós beidh tú ag idirdhealú.

 

Dá mb’fhíor gach aon ní,

Níorbh fhíor rud ar bith;

Is breithiúna sinn uile, sin uile.

 

 

 

Gach ceart ar cosnamh. © 2006 James Norton