le Séamas Ó Neachtain
Amhras agus ceisteanna i gcónaí,
Agus taoidí 'g dul in éag uaithi,
Amach ón Túr, ón Inis ghloine ghlas,
Avalon na sceiche naofa, Glastonbury.
Cúinne cáiliúil Chorn na Breataine,
Cóngarach BeagÉire di,
Cill chleathóga ársa Bhríde,
Críost féin ann ar cuairt, b'fhéidir.
Iondract 's a dheirfiúr Doimin'ca,
Idirghuí Mhícheáil agus Dhunstain,
Ionad Mhuire, milseacht, dóchas,
Iúil na nÓg, Gloinestir na nGael.
's Naofa Naofa Naofa uirthi,
Sular tháinig na Normannaigh,
Sasanaigh nó sliocht na hÉireann,
Spioradáltacht ann ón anallód.
Dúradar gur tháinig Seosamh,
Dar leo, leis, ansin sean-Phádraig,
Dílis dósan é, Mac Seisgnéin,
Duine dána clainne taoisigh,
Beinén beannaithe, gile Phádraig.
Bunaithe le grásta ‘s paidir,
Bláth na Nollag, Bealtaine péire,
Bachall naoimh a d'fhág sé plandaithe.
Oilithrigh ag teacht, mairtírigh,
Ollúna Gaelacha ann ag múineadh,
Ollghairdeas fairsing roimh a n-iarsmaí,
Ó Éirinn Chríostaí ghlas thar muir.
Laoch Artúr i ndiaidh na Féinne,
Leac, ach soitheach fós i bhfolach,
Luí an rí ghil rúnda faighte,
Leis a bhanríon mhórga fairis.
Níor tháinig carbad, ach tine,
Naimhde ag goid tíolactha;
Nuair a tháinig claíomh an toirmisc,
Nár mheasadh feasta ann a tábhacht.
Claíomh sa loch is claíomh sa bholg,
Cúisíodh ab ann leis an bhfardal,
Cuntas óir, soithí luachmhara,
Criú Chromail chuig Richard Whiting.
Scriostar leabharlann do-aiseagtha,
Sliste ina gceathrúna daoine,
Slad dá n-iompar amach den doras,
Solas múchta ag an diabhal.
Foscadh fíodóirí Pléimeannacha,
Francaigh freisin, Protastúnaigh,
Fós faoi Mháire ina praiseach,
Fuílleach, cairéal, páirc príobháideach.
Láithreach poiblí atá inniu ann,
Lánscor thart, mar an uile ionsaí,
Leithéid túr mar túir Héaróid iad,
Lot, Iarúsailéim iar-Thíteas.
Ba é Héaród a thug an t-ainm seo ar
An tsean-chathair Ghréagach cois mara;
Thóg sé teampaill, amharclann agus araile.
Sular tháinig Críost, bhí sí ina ceannchathair Iúdaea.
Bhaist Peadar Coirnélius inti;
Thug Pól cuairteanna ar a scuaine;
Píoláid is Féilics a bhíodh lonnaithe
I measc a leachtanna, ina rialtóirí.
Chaith Naomh Pól dhá bhliain inti, gafa,
Sular seoladh é go dtí áit a dhícheannaithe;
Fágadh an Spiorad inti i measc na Críostaithe.
Rinneadh Colonia Prima Flavia Augusta Caesarea di.
Vespéisian is Títeas, cumhacht na Róimhe,
Leatrom is géarleanúint, mairtíreach is scoláire,
Fás agus feabhas agus comhairle na hEaglaise,
Conspóid agus staidéir, gan gach rud socraithe.
Tháinig fear uasal darb ainm Oraigen,
Ag comparáid an Bhíobla, ina sé leagan;
Rinne sé an Heacsalpa dá bhailiúchán,
Leabhar an-tábhachtach, ina leabharlann.
Tháinig a chomharba as Alacsaindria
Is rinneadh ina shagart é i gCaesaraea,
Paimphiolus an naomh sin a scríobh apologiam,
Duine é de mhuintir as Béiriúit in Phonaecia.
Mhéadaigh Paimphiolus an leabharlann iontach,
Agus rinne sé féin a obair shuntasach;
Tháinig Eusaebius go dtí a scoil dhiagachta,
Mar gheall ar a thábhacht is a fhlaithiúlacht.
Cathair mhór na hEaglaise í,
Is lean siad ar aghaidh, gach leabharlannaí.
Iaróim Naofa a thug cuairt is d'fhéach ar na Bíoblaí,
Is rinne sé trácht ar a leabhair ab iontaí.
Maraíodh Paimphiolus faoi lámh Dhíoclaetiain,
Céasta is dícheannaithe i measc na bhfíréan;
Basail Mór agus Gréagóir na bhFeart ansin,
Agus na leabhair ann fós le breis is trí chéad bliain.
Ach pé acu a rinne, Peirsigh nó Saraistíní,
Scriosadh na scrollaí is na leathanaigh;
Fágadh an Spiorad, cé gur cailleadh na scríbhinní,
Agus bhí tréimhse gan solas sular tháinig an crosáidí.
Fuair Babhalduin cathair shaibhir is, dúradh, cailís;
Bunaíodh ríocht Fhrancach ann, in aois an niachais;
Ceannchathair na Palaistíne is cathair ón Meánaois,
Níl inniu ann ach macallaí díobh mar a bhídís.
Cairéil do Ioffa is Gása a fuílleach,
Fiú do Iarúsailéim a bhíodh faoina chumhacht;
Tharla réabhlóid is toirmeasc toiteach,
A solas múchta, mórán ina fothrach.
De thaisme, deirtear,
Trí thine, Caesar,
Ag teitheadh, ón léigear,
Fear seiftiúil, faoi dheifir.
Cathair Alacsaindria,
Sibhialta leis na cianta,
Sinsir agus oidhre,
Críonnacht ina réalta.
Ag lorg Pompaeí ann,
Tugadh dó a cheann;
Fearg air, is díomá,
Roghnaigh sé Cléopatra.
Iarsmalann na n-eolaithe,
Fuair Caesar féilire;
Gach leabhar na Laidine 's na Gréigise
I measc an stóir bhailithe.
Gan chabhair, gan uisce,
Ach láidir, is cliste,
Faoiseamh na claise,
Gan tart, gan taisteal.
Stór na leabhar ríoga,
Cinn faoi Shoróastar is Bhúda,
Na réaltaí, is eagna na n-aoiseanna,
Is ó na seachtó, an Bíobla.
Sa chuan, an flít,
A n-adhaint, ordaíodh;
Páirtínigh, ag ionsaí;
Damáiste comhthoabhach.
Níor insíodh an scéal ina iomlán,
Ach ina dhiaidh sin, bhí leabhair gann.
Ní dhearna na scoláirí trácht ar a raibh ann.
Níos déanaí sa bhaile, thosaigh Caesar féin leabharlann.
Ptolamaí, ar snámh,
Gan bheocht, ina lámh,
Ar an Níl, cúrsáil sámh,
An t-uisce céanna, dá rámhaíocht.
An chéad leabharlann uilíoch,
Scaipthe, craptha, an chríoch,
Clúdaithe, faoi rún, gríosach;
Níl inniu ann ach deich faoin gcéad den chuid chlasaiceach.
D'imigh sé, chonaic sé,
Bhuaigh sé, scríobh sé;
Rinneadh caithréimeanna,
Cogaidh á bplé.
Bíonn sruth na habhann ag rith;
Tá suíomh na leabharlainne faoin muir,
An tseandámh mórán caillte san uaigh;
Meath eile ar sheachmall na buaine.
Bás tobann, gan choinne,
Fear mór, neamhdhuine,
An saol nua a rinne,
Tá iarsmaí de againne.
Marc Aspal a chuaigh den chéad uair;
Níor stad an fhoghlaim; bhí an ithir torthúil;
Bhí Clement, múinteoir Oraigen, sa saol nua;
Atanaesias, Ciril, aithreacha; Airius, mo thrua.
Sé chéad, níos mó,
Na blianta, sa treo,
Ceannchathair, nár leo,
Conspóid, anró.
Lag mar gheall ar easaontas,
Shéanadh, shiosma is aineolas,
Ba Sharaistíní a threascair í, is tréas.
Thit an teach solais. Cloíodh an t-eolas.
Gach ceart ar cosnamh. © 2004 James Norton.