Gluais

(Comentariolus Copernici)

 

Le Séamas Ó Neachtain

 

 

                        I

 

Níl lár amháin ann ag gach aon fithis nó sféar neamhaí.

Ní mar a shíltear a bhítear.

Níorbh é Copernicus an chéad fhear

Nár ghlac le córas Ptolemy go léir;

Ní raibh ina réabhlóidí,

Ach fiosrach faoin spéir;

Cliste, sheas sé le mionlach,

Sheas sé leis an matamaitic,

Agus fuair sé rud an-chonspóideach.

 

 

                        II


Ní lár an Domhain lár na cruinne, ach amháin is lár é den domhantarraingt agus d'fhithis na gealaí.

 

Cad í an cheist

Lárnach,

Croí na ceiste,

Croí na staire,

Bearnach?

 

Ba eolaí, saighdeoir,

Dlíodóir canónach,

Lia, matamaiticeoir,

Eacnamaí, réalteolaí,

B’fhéidir sagart é.

Agus ní raibh deacracht

Don Pholannach seo,

A rugadh mar Phrúiseach,

Mar sin a bheith.

 

Scríobh sé gluais

Go príobháideach;

D’iarr a chairde,

Cairdinéal, Easpaig, air,

A theoiricí a chur amach.

 

 

                        III

 

Timpeallaíonn gach fithis an ghrian, atá i lár gach a bhfuil ann, agus leis sin, tá lár na cruinne in aice leis an ngrian.

 

Is stair na hEorpa stair na hEaglaise,

Dúirt Hillaire Belloc fadó.

Oidhreacht ón nGréig is ón Róimh,

As sin a bhfuarthas Ptolemy;

Oidhreacht ón gCríostaíocht,

As sin a bhfuarthas Copernicus,

Agus Galileo, agus an eolaíocht.

Níor thuigeadh an chruinne

Roimh theoiricí mo dhuine;

Níor thuig sé féin i gceart é;

Ní thuigimid fós gach a ndearna

Dia, gach a bhfuil le tuiscint.

Ceapadh gur lár na cruinne í an ghrian;

Ceapadh gur lár na staire é Íosa Críost;

Ceaptar nach bhfuil lár ar bith ann.

An bhfuil ár dtuiscint níos doimhne?

 

 

IV


Tá an cóimheas idir an achar idir an Domhan agus an ghrian agus airde na firmiminte níos lú ná idir leath-leithead an Domhain agus fad go dtí an ghrian, ionas go bhfuil an achar sin neamhbhríoch i gcomparáid le hairde na firmiminte.

 

Cad is duine ann go dtógfadh Dia ceann de?

Éirímid níos lú is níos lú sa chruinne, ach fós

Smaoinímid gur níos mó agus níos mó sinne.

Tá an difear idir eolas na Meánaoise

Agus eolas an lae atá inniu ann neamhbhríoch

I gcomparáid leis an ndifear idir eolas ár gcine

Agus eolas an Té a rinne.

 


                        V

 

Gach gluaiseacht a bhfeictear san fhirmimint, ní tharlaíonn sé as féin, ach as gluaiseacht an Domhain. Gluaiseann an Domhan agus na dúile in aice leis timpeall uair amháin gach lá ar a mhol inaistrithe, agus an fhirmimint  inaistrithe mar an spéir is airde dó.

 

Scríobhadh an stair

Le peann Sasanach.

Insíodh an scéal

Le béal Protastúnach.

 

Cé hiad a cuireadh as ar dtús

Ach Luther agus Melanchthon;

Ach cuirtear ina luí gurbh iad

Na Caitlicigh a rinne an achrann.

 

Glacaimid a n-oidhreacht

I ngan fhios dúinn;

Fiú nach léann siad le fios,

Feicimid tríd a súile.

 

Ní dhearnadh go dtí am Galileo,

Breis is seachtó bliain thart,

Am a raibh an saol ar fad

Ar tuathal is san fhaopach.

 

Ní raibh faoi Copernicus,

Ach a rá nach raibh a chóras cinnteach;

Rinneadh amhlaidh, foilsíodh, agus

Ansin d’éirigh sé arís conspóideach.

 

Ag troid ar son na fírinne,

Rinne an Eaglais botún.

Ní raibh Galileo ina coinne;

Cheap Sí mar a cheap Bacon!

 

Bellarmine, an cairdinéal mór le rá,

Dúirt seisean ina dhiaidh nach raibh éinne cinnte;

Dá mbeadh cruthúnas ann, bheadh an Bíobla

Ina ábhar athscrúdaithe.

 

 


                        VI

Gach a mbraithimid bheith ag dul timpeall na gréine, ní tharlaíonn sé as féin, ach as an Domhan agus ár bhfithis, lena dtéimid timpeall na gréine, mar a dhéanann na réaltaí (pláinéid) eile go léir, agus mar sin tá mórán gluaiseachtaí ag an Domhan.

 

Bhí gach rud sa saol

Ag gluaiseacht is ag athrú,

Mar an tuiscint.

 

An Bíobla i gcló,

Tuairimí ag fiuchadh,

Gach ina dhiagaire.

 

Anamacha i mbaol,

An chairt roimh an gcapall,

Maidí le sruth;

 

Ní raibh an luas ag an údarás

Chun choimeád suas

Leis an náisiúnachas;

 

Ní raibh na heolaithe

Eolach ná ciallmhar;

Cailleadh a réalta eolais.

 

Briseadh nós

Agus rinneadh nós

Sular tuigeadh nós.

 

Bhí mí-ord ann,

Agus mí-fhoighne ann;

Agus mórán gluaiseachtaí ar domhan.

 

Bhí gach rud sa saol

Ag gluaiseacht is ag athrú

Gan tuiscint.

 


                        VII


Gach a bhfeictear ar gluaiseacht siar agus aniar go guagach, níl siad ag déanamh amhlaidh, ach tá an Domhan ar gluaiseacht. Is leor é seo chun na gluaiseachtaí éagsúla go léir a mhíniú.

 

 

Chonaic Galileo réalta nua;

Chonaic sé céimeanna Véineas;

Chonaic sé go ngluaiseann an Domhan,

Go raibh an ceart ag Copernicus.

D’fhéach sé ar spotaí na gréine, is na taoidí;

Chonaic sé trí chóiméad, ina thost.

Ní fhaca sé na cúrsaí polaitiúla ag teacht;

Ní fhaca sé cumhacht a naimhde.

A chuid ama ag sleamhnú thart,

Chonaic sé úsáid luascadáin i gclog.

Is iomaí bua a bhí ag Galileo Galilei.

 

Is aonad an corp agus mórán ball ann,

Peacaithe ar foscadh i gcraobhacha na hEaglaise;

Conspóid is achrann, is dul amú, cinnte,

Ach na trí nithe ann atá buan,

Bhí siad ag Galileo, d’ainneoin sin uile.

 

Cad tá ar eolas againn, i bhfírinne?

Creidimh is fíricí is réaltaí

Ag dul siar is aniar, thar ár gcinn.

An athríonn an chruinne

Mar gheall ar thuiscint an duine?

An é de sheans a bhfuil againn,

Nó bronntanas ó Dhia?

 

E pur si muove,” ní dúirt sé riamh

(Cé go mbeadh an ceart aige), ach

Bhí sé umhal; chuir sé a mhuinín i nDia,

Agus de réir a chéile, chonaic gach éinne.

Ní raibh cath ann idir an mhaith is an t-olc;

Ach cumtar scéalta chun taispeáint

Go bhfuil an Eaglais, an Chríostaíocht,

Neamhfhreagrach don eolaíocht;

Níor cheap éinne a leithéid ag an am sin.

Ní raibh ach an t-aon eolas amháin ann,

Mar a dhéantar ar Neamh agus ar talamh.

Exceptio probat regulam, a dúirt Newman.

Eisceacht ab ea an eachtra seo Galileo,

Ach is doimhin é poll an amhrais.

 

 

 

 

Gach ceart ar cosnamh. © 2005 James Norton.