Seiricígh

 

Le Séamas Ó Neachtain

 

 

 

Fuílleach, an trian nó ceathrú a bhí fágtha

I ndiaidh chéad bhabhta an chalair;

Teagmháil le cine eile,

Na céadta treibh, is ríthe na hEorpa;

Baolach, ag athrú is ag leanúint,

Sochaithe casta an-aosta.

 

Bhí a dtithe fada tógtha

Ar iarsmaí cultúir eile rompu.

Ní raibh an cogadh nua;

Ní raibh an trádáil earra nua;

Ní raibh aon rud nua leis na cianta,

Ach ansin bhí gach a raibh ann nua.

 

Timpeall is céad bliain tar éis an chalair,

Scrios bolgach Dé leath díobh arís.

Arís ní raibh leigheas ag a lianna,

Na sagairt thraidisiúnta a bhíodh acu.

Idir sin, an luas, agus an gunna,

Ní nach ionadh gur athraigh siad.

 

Snite fud fad i gcogaí na hEorpa,

Mar a bhí na hEorpaigh ina gcuid féin,

Dhíol siad sclábhaithe is rinne siad conarthaí;

Bhain siad feidhm as treibheanna eile

Mar a baineadh feidhm astu féin;

Roghnaigh siad na Sasanaigh, taobh thiar den teorainn.

 

Feall is díoltas, ciníochas is ár,

Tharla tubaistí is coireanna ina gcoinne,

Daoine aonaracha, arm is stáit;

Bród pearsanta, fearg is náire,

Cur is cúiteamh, tréimhsí ciúine,

Cailliúint talún, talamh eile á ghoid.

 

Chun an tsíocháin a chothú

Roimh an Réabhlóid Mheiriceánach,

Brúitear conarthaí eile orthu;

Rinneadh lonnaitheoirí dleathach;

Rinne siad gach saghas iarrachta,

Talamh nár leosan a dhíol, fiú.

 

Tá a scéal féin ag gach treibh

Agus ag grúpaí éagsúla de gach treibh;

Staonairí ó Chogadh seo na bhFear Bán iad,

An chuid is mó, tar éis na gcogaí eile,

Ach chuaigh na tSiceamága ina threo féin;

Sheas siad leis na Sasanaigh is na Seánnaígh.

 

Go minic, ní bhíodh na meonta ansin mar atá inniu.

Go minic, ní bhíodh rialacha ach a chuid féin ag gach duine.

Rinne gach taobh a shlad féin, de réir a chumhachta;

Go minic, ní bhíodh cúrsaí soiléir is éasca.

Ní dhearna idirdhealú idir cairde na Seánnaígh

Is Seiricígh nár sheas leosan.

 

Sna dá Carolaghna a bhíodh siad,

Is ann a maraíodh iad ina mílte.

Glacadh le conradh eile, is níor ghlacadh;

D’imigh tread amháin siar go tír

Na bhFrancach, is na nÓsaog.

Thosaigh cogadh, idir treibheanna,

Tháinig tSiceamága, is chuaigh go hÓclahóma iad go léir.

 

De réir a chéile, d’imigh an talamh sa bhaile,

Faoi easaontas is brú na n-inimirceach.

Ach bhí deis ann dóibh a d’oiriúnaigh;

Choimeád siad seilbh, is d’éirigh sé leo;

Bhí rath orthu, is aibítear Shocbhadha.

Bhí sclábhaithe gorma acu, is éad a gcomharsana.

 

Sheas siad leis na Meiriceánaigh;

Níor éirigh siad amach le Tucumsa;

Thug siad cúnamh dóibh i gcoinne na gCríoc;

Shábháil siad beatha Sheacsoin,

An fear a thóg fiú níos mó dá dtalamh

Is nár sheas leo riamh ina dhiaidh.

 

Fuarthas ór ar chuid dá dtalamh;

D’éirigh Seascon ina uachtarán.

Bhí siad anois san fhaopach ceart.

Cearta an stáit seachas an duine,

Seachas an náisiúin, seachas an chúirt,

Tugadh cead a chinn do gach coirpeach.

 

I ndeireadh na dála, díbríodh iad

Ar Chosán na nDeor, go hÓclahóma.

D’imigh siad go luath, gan lón,

Gan trócaire gan cian orthu.

Thit na mílte marbh ar an turas brónach;

Tharla sé mar gheall ar vóta amháin, in ainneoin a gcairde.

 

Ní raibh gach duine sásta imeacht;

Thug scata díobh na cnoic orthu féin.

Bhain an t-arm feidhm as Seiricígh

Chun Seiricígh eile a chur i ndol.

Tá a n-oidhrí fós ann i gCarolaghna Thuaidh,

Sliocht díobh siúd nár mharaíodh.

 

Díbríodh slua eile díobh

Ón phoblacht nua Teacsas;

Seoladh go hÓclahóma iadsan,

Ach ní raibh fáilte rompu óna mbráithre;

Le chéile den chéad uair faoi cheann caoga bliana,

Tharla cogadh cathartha fuilteach.

 

Ní raibh tréimhse fhada ann,

Agus an tsíocháin i réim ann,

Sular thosaigh Cogadh Cathartha Mheiriceá.

Liostáil ceathrú díobh ó Thuaidh,

An chuid eile díobh ó Dheas, is throid.

Is fuair bás.  Bhí Óclahóma mar a bhí Cansas roimhe.

 

Mar gheall ar an bhfuath sin,

D’imigh teifigh uathu leo go Cansas féin.

Ní raibh beatha ná foscadh ann dóibh.

D’éag siad mar gheall ar an ocras, is an bhfuacht.

Chaill siad trian eile dá ndaonra,

Níos mó ná stáit an Deiscirt ná an Tuaiscirt.

 

Mar gheall ar a seasamh leis an nDeisceart,

Scriosadh gach conradh a bhí acu;

Ní dhearna na Stáit Aontaithe dearmad

Ar na nithe a rinneadh ina gcoinne-sean.

Tógadh talamh don iarnród;

Tháinig coirpigh is na tionónta bána.

 

Le linn na gcogaí Indiacha móra,

Níor throid siad, ach rinneadh dlí

A ceapadh mar áis dóibh,

Ach dhá thrian dá dtalamh a thóg sé.

Chaill siad a mbrabús ón innilt;

Dhíol siad beagnach gach a ba leo.

 

Ansin, eagróidh Limistéar Óclahóma.

Dá gcuid talún, an chuid is mó.

Goidtear uathu as sin amach ann;

Ní raibh fágtha acu ach trian de chéatadán

Dá raibh acu ag am Chosán na nDeor.

Tógadh a rialtas féin uathu, a náisiún.

 

Rinneadh saoránaigh díobh;

Rinneadh stáit d’Óclahóma.

Tar éis an Dara Cogadh Domhanda,

Fuair siad aitheantas mar náisiún arís.

Ina dhiaidh sin fuair siad airgead

As a saol atá imithe.

 

 

 

Gach ceart ar cosnamh. © 2004 James Norton.