Cead Isteach is Amach

 

le Séamas Ó Neachtain

 

 

 

 

Taispeánaim mo shuaitheantas

Do gharda an dorais

Agus siúlaim isteach, gan dua.

Siúlaim isteach gach maidin

Le cead ón ngarda sin,

Mar tá cárta aitheantais agamsa.

 

In halla na n-ardaitheoirí,

Bíonn slua ann romham

Ag fanacht, nuair a shiúlaim isteach,

Agus aghaidheanna nua ar an móramh.

Bíonn cead isteach agam, ach

Táim fós i mo dhuine anaithnid.

 

Sul i bhfad,

Siúlfaidh mé amach ón slua;

Fágfaidh mé slán ag an ngarda;

Fanfaidh mé ar an taobh amuigh,

Gan suaitheantas, gan chárta.

Agus beidh aghaidh nua ormsa.

 

 

 

 

 

Gach ceart ar cosnamh. © 2008 James Norton.