Ar Aithint John Barry go hoifigiúil mar Chéad Chomadóir Chabhlach na Stáit Aontaithe

 

Le Séamas Ó Neachtain

 

 

 

A Chomadóir De Barra,

Nár mhór do ghlóir ar an bhfarraige!

Is onóir chóir é do chomóradh

Agus cinntiú chuntais do staire.

 

B’fhios duit na mara,

Faoi stiúir thiar agus thoir agat,

Longa armacha is báid rámhaíochta:

Is cuimhin linn d’eachtraí cáiliúla.

 

A Sheáin Mhóir, a chara,

A mhairnéalaigh, a Athair an Chabhlaigh,

Ar díth chórach a bhíteá,

Ach bhí fáil ar do cháil sa chomhdháil.

 

Aitheanta faoi dheireadh,

Tá do sheolta líonta le síob ghaoithe;

Níl naimhde ar d’aghaidh ná ar do chúl;

Tá tú ag iompú, gunnaí ag búireach!

 

 

 

Gach ceart ar cosnamh. © 2006 James Norton.