Le Séamas Ó Neachtain
Aoibhinn beatha phodchraoltóra,
A bhíonn ag déanamh mp3;
Is follas díbh, a dhaoine uaisle,
Gurb dó is aoibhne ar líon.
Fiú ag trácht ar lucht na mbag
Nach
ndéanann rud níos deise,
Gan chuid ná phíosa ‘tá taifeadta,
Gan
RSS, gan bhachlóga cluaise.
Gan mhicreafón gan ríomhaireacht,
Ní thabharfaí uaidhsean choíche
Aon ní níos fearr faoi deara
Le cloisteál de ló is d’oíche.
Beireann podchraoltóir ar thraipisí
Ar mhicreafón is bhogearra -
Sin iadsan gléasanna a shaothair.
Go n-éistear leis an bhfuaim a rinne!
Go maith bídeach a dhlúthaítear
Comhaid leis a threalamh;
Is ar an ngréasán domhanda a chuirtear
Lán do chluasa d’agallaimh.
Gach ceart ar cosnamh. © 2006 James Norton.