Riamh ó shoin nuair a bhí mé i mo óige, bhíodh suim agam i rudaí neamhcoiteanta. Agus le linn m'óige, bhíodh suim agam sa tseanRóimh, sa tseanÉigipt, sna Ceiltigh, agus ins gach saghas seandálaíochta agus staire. Chuala mé Pollanais agus Gearmáinis, agus bhí cupla focal Francaise agus Géarmáinise ag m'athair. Bhí neart Gearmáinis ag cara dílis dúinn, Adelaide Hallden. Ní raibh ach dhá bhliain de dhroch-Ghearmáinis agam roimh dul don ollscoil dom, ach bhíodh suim agam i dteangacha. Tá duine amháin i mo chraobha ginealaigh a bhfuil a fhios agam cárbh as dó go péarsanta, agus ba Clárach é. Tá sinsir agam as Éirinn agus an Ghéarmáin agus an Fhranc, agus b'fhéidir áiteanna eile.
Chuala mé ceirnín uair amháin agus é as Gaeilge, nuair a bhí mé i mo dhéagadaí. Dúirt mé (i ndáiríre) nach raibh blas Béarla ar bith aici. Ní raibh a fhios agam go raibh an Ghaeilge a theanga leí féin, ach cheap mé gur blás Éireannach ar Bhéarla í!
Nuair a thosaigh mé ar an ollscoil, thóg mé rang dar teideal "Medieval Celtic Literature." Léigheamar gach rud as Béarla. Múineadh dom gur Gaeilge a dteanga féin, ach go raibh sí marbh, agus ni raibh sí ag ach cúpla feirmeoir agus iad ag caint leis a mba (gan magadh ar bith, dúirt mo mhúinteoir é sin)! Is suimiúil é gur bhuail mé leis an t-ollamh féin arís le déanaigh, agus bímid ag caint as Gaeilge lena chéile anois!
Ocht mbliain déag in ndiaidh sin, chuir mé aithne ar Ultach, Will McConnell, agus chuir mé ceist air, "Ar chuala tú Gaeilge riamh?" D'fhreagair sé mé gur chuala go cinnte, agus go mbíonn clár radío Gaeilge le cloisteáil gach maidin Dé Sathairn ar WFUV anseo i Nua Eabhrac! Agus d'inis sé dom gur Teanga bheo í! Bhí cósúil go raibh Latimeria chalumnae (Coelacanth) faighte agam! Ba chara do Bharra Ó Donnabhain é (beannacht Dé ar a anam), agus d'inis sé dom go mbíonn alt as Gaeilge le fáil san Irish Echo le Barra, gach seachtain! B'ar éigean a chreid mé é!
Bhuel, dar Fia, nach iontach an clár é Míle Fáilte le Séamas De Bláca, dar ndóigh, agus bím ag éisteacht leis riamh ó shoin. Fuair mé eolas as faoi shiopa leabhar Éireannach, i Nua Eabhrac, agus bhí morán leabhar as Gaeilge le fáil ann. Faraor, tá sé caillte againn anois, agus is é mo léan géar é sin. B’í Angela Carter an siopadóir, agus táimid go léir buíoch di. Chuala mé mo chéad duine beo ag caint as Gaeilge ann. Cheannaigh mé "Teach Yourself Irish" agus lá áithrithe i 1996, thosaigh mé ar Gaeilge a fhoghlaim.
Cheannaigh mé ríomhaire timpeall 1996 freisin, agus ba rud nua dom an gréasán. Bhí "leathanaigh buí" istigh ann, agus bhí mé agus mo bhean chéile ag braith air. Tháinig smaoineamh isteach i mo cheann, "an bhfuil teangacha eile ann?" agus i ndiaidh sin, "an bhfuil Gaeilge ann?" Fuaireamar Gaelic-L. Bhí mé i mo bhall de Gaelic-L go dtí gur tosaíodh Gaeilge-B. Bhí mé i mo bhall de Gaeilge-B ón dtosach. Is ball dena liostaí Gaeilge-A mise faoi láthair. Listserve agus a liostaí
Bíonn an spraoi is mó agam i gcónaí ag foghlaim Gaeilge, go háithrithe ar coil Gaeilge Ghéaróid Tóibín. Agus nuair a d'fhoghlaim mé stair na hÉireann, d'fhás mo mheas agus mo ghrá ar do m'oidhreacht. Is breá liom an creideamh Caitliceach, agus is mór mo mheas ar na daoine a sheas a bhfód. Agus is ceoltóir mé. Bhí na hámhráin Gaelacha mar fhoilsiú dom.
Is togha 's rogha í an teanga. Taitníonn sí liom níos mó gach lá. Is dócha go ndearnadh m'inchinn as mo sheacht sinsear chun smaoinimh as Gaeilge. Ach is féidir go bhfuil cúpla sreanganna trasna ar a chéile! ;-}
Tá an stór a bhí caillte ag mo shinsir faighte agamsa, agus tagann lúchair ar mo chroí dá bharr!