In Éadan an Chumannachais
Is iad na híde-eolaíochtaí ollsmachtaigh
agus aindiachaigh a bhfuil an Cumannachas nó an Sóisialachas
comhchangailte leis atá diúltaithe ag an Eaglais. Ní glacann sí
agus diúltaigh sí freisin, cleachtas an 'Chaipitleachais,' an
'Indibhidiúlas' agus príomhcheannas absalóideach de dhlí an
mhargaidh nuair atá saothar an Duine curtha faoi chois. Nuair atá
an eacnamaíocht leagtha amach de réir pleanáileachas lárnach
amháin, baineann sé sin mí-úsáid as dúshraith na snaidhmeanna
sóisialta. Faillíonn sé sin an ceartas sóisialta, nuair atá sé
leagtha amach de réir dlí an mhargaidh amháin, toisc gur "mó an
díth atá ar dhuine, agus ní féidir leis an margadh í a shásamh."
Is maith dúinn rialúchán cothrom den mhargaidh agus den
thionscnamh eacnamaíochta a dhéanamh. Tugtar moladh dó, má tá
leas an pobail ina thaobh, agus cliarlathas smaointe ann chun an
múineadh agus an chóir a chothú.
(#2425, an Caiticeasma. Chuir mé féin an Ghaeilge air de
réir an leagan Béarla).
Is iad na rudaí is tábhachtaí iad, mar
sin, ná rath na ndaoine agus a ngaolmhaireachta, agus cosaint na
ndaoine lag. Ach tá an slí bheatha seo díreach ar a mhalairt don
chumannachas. Bhaineann sé sochar as an lag mar sclábhaí.
Scriosann sé amach aon choimhneas, agus leas an duine féin. Agus
is é an rud is measa, ná go scriosann an cumannachas Dia amach as
an saol, agus mar sin déanann sé praiseach de gach ceangal agus
gaolmhaireachta i mbeatha an Duine.
Deir siad go bhfuil gach duine cothrom lena chéile, ach de réir
na staire agus an cleachtadh, bíonn cúpla duine suas agus mórán
daoine síos i gcónaí, níos measa ar fad ná mar a bhí siad ar
dtús. Is fíor gur féidir leis na daoine bochta a bheith ina
sclábhaí faoin chaipitleachas gan chosc freisin, mar a deir na
cummanaithe, agus is féidir le daoine a bheith curtha ar strae
mar gheall ar reiligiúin. Ach is buntréith don ollsmachtachas an
staid sin, agus is é sin an cummannachais.
Tarlaíonn sé uaireanta go bhfuil daoine in uachtar sa saol agus
iad gan trócaire ar bith ar na daoine bochta, agus dealraíonn sé
do na daoine in íochtar gurb é an réiteach é an cumannachas. Ach
is srathair in áit na diallaite é, agus bíonn srathair na
hainnise orthu dá dheasca. Ní bhíonn dada againn go minic ach
rogha an dá dhíogha, ach ní hé an cheann is fearr é an
cumannachas riamh. Deir daoine áithrithe nach ar éigeann go
mbeadh sé mar sin, go mbeadh sort cumannachais níos fearr acusan.
Ná héist leo! Oscail do shúile agus féach ar a thorthaí. Nuair
nach bhfuil saoirse coinsiasa ann, níl aon mhaitheas ann! Ar
scáth a chéile a mhaireann na daoine. Ach níl faoi cois a chéile.
Ach fiafraítear nach ndéanann na cumannaithe leas do dhaoine, mar
shampla i Meiriceá Lárnach? Agus nach ndéanann na caipitlithe
dochar dóibh? Go raibh náire orainn, is fíor sin, uaireanta. Cad
chuige go gcabhrodh siad leis na daoine bochta? As a cheann a
bhlítear an bhó - beathaigh duine agus tiocfaidh sé. Fan agus
feicfidh tú. Céard a dhéanfadh mac an chait ach luch a
mharú?
Errare humanum est, in errore persevare
stultum.
Is daonna é, dearmad a dhéanamh, ach is dallintinn é a leanúint
air.
#2425 From the Catechism of the Catholic
Church
"The Church has rejected the
totalitarian and atheistic ideologies associated in modem times
with 'communism' or 'socialism.' She has likewise refused to
accept, in the practice of 'capitalism,' individualism and the
absolute primacy of the law of the marketplace over human
labor.[Cf. CA 10; 13; 44.] Regulating the economy solely by
centralized planning perverts the basis of social bonds;
regulating it solely by the law of the marketplace fails social
justice, for 'there are many human needs which cannot be
satisfied by the market.'[CA 34.] Reasonable regulation of the
marketplace and economic initiatives, in keeping with a just
hierarchy of values and a view to the common good, is to be
commended."