Sinne Naimhde Féin

Le  Séamas Ó Neachtain

 

Cé ag a bhfuil an baint is mó le foréigean an MheánOirthir?  An gcreidfeá na grúpaí is mó a bhíonn ag labhairt ina choinne?  Is fiú an machnamh an scéal.

 

D’iarr na Náisiúin Aontaithe ar cheist Iosrael a réiteach in 1947, leis an rún a rinne siad chun dhá thír a bhunadh sa limistéir sin.  Ach dhiúltaigh na hArabaigh sin, le foréigean,  agus shocraigh siad ar na Giúdaigh a thiomáint amach sa mhuir.  Spreag siad na hArabaigh a bhíodh ina gcónaí sa limistéir chun troda nó chun teite, ag gealladh dóibh go mbeadh a seilbh ar ais acu i ndiaidh an chogaidh.  Ach chaill siad an cogadh, agus d’fhág siad a gcairde ina dteifigh, 750,000 duine.

 

In 1949, rinne Comhairle Ginearálta na NA eagras darb ainm 'UNRWA,’ United Nations Relief and Works Agency, chun dul i ngleic le fadhb na dteifigh Phalaistínigh.  Ba eagrais sealadach é, ceapadh.   Cad a rinne siad?  Cruthaigh siad na campaí teifigh.  Cé go bhfuil 21 tír Arabach ann, agus daonra níos mó faoi 50 acu, agus limistéir faoi 650 acu, ná atá ag Iosrael, ní raibh spás acu le haghaidh a mbráithre Arabacha ó Phalaistín, agus níl siad sásta fós baile buanseasmhach a thabhairt dóibh.  Seachas iarracht ar bhailte a fháil dóibh, cruthaigh na NA na campaí uafásacha seo, agus le blianta, níl ann ach cúis bhuanseasmhach chun an fuath is an foréigin a choimeád beo.  Baintear feidhm astu mar fianaise ar bhrúidiúlacht na hIosraeligh a taispeáint don saol, mar scoileanna an fhuatha, agus mar bunáiteanna na sceimhlitheoireachta.

 

Bhuel, ba mhaith leis na NA réiteach éigin a chothú maidir le hIorael, cheapfá.  Ach is uafásach an dearcadh a bhíonn ann i gcoinne Iosrael.  Níl aon tír eile nach gceadaítear bheith ina ball den Chomhairle Slándála ach Iosrael.  Níl aon tír eile a fhaigheann an drochíde chéanna.  Sa Chomhairle Slándála, bhí ar na Stáit Aontaithe diúltú ar 25 rún i gcoinne Iosrael.  Rinneadh 65 rún i gcoinne Iosrael ó 1948 i leith, agus iad dá gcosaint féin.  Ní dhearna siad rún amháin chun na buamadóirí féinmharaithe Palaistíneacha a lochtú riamh.  Is léir nach bhfuil suim ar bith i gcothrom na Féinne ag na NA maidir le hIosrael.

 

Cad faoi grúpaí eile?  Gan amhras bheadh cabhair ceart le fáil ón gCros Dearg Idirnáisiúnta?

 

Cuir i gcás scéal, nó miotas, rí-cháiliúil faoi uafás a rinne Iosrael tráth dá raibh.  Is bunús an scéal seo de mórán fuath i gcoinne Iosrael.  Sin an scéal faoin ár ag Deir Yassin.  Deirtear gur mharaigh na Iosraeligh 750 duine, idir fhir, mhná is pháistí, i mbaile beag neamh-straitéiseach i gcóngar le Iarúsailéim.  Agus an teachtaire ba mhó dá insint ab ea duine ón gCros Dearg darb ainm Jacques de Reynier, príomh ionadaí an CD in Iarúsailéim ag an am.  ba dhuine saonta é a ghlac gach rud a dúirt na hArabaigh leis, agus a fhoilsigh an scéal ar fud an domhain, le cabhair ó abhchóide na mbocht eile mar an New York Times.  Ach tá mórán fianaise ann, agus níos mó a thánaig amach le déanaí, nar tharla sé.  Bhí cath ann, ba áit straitéiseach é, agus mharaigh na hIosraelí daoine, ach ní raibh ár ann ar chor ar bith.  Ach tá féasóg ar an scéal anois, agus níl suim ag mórán sna fíricí.

 

Bhuel, ní amhras ach go raibh daoine iontaofa éigin ann chun réiteach ceart a lorg?  Éire?  Thug Éire aitheantas do Iosrael in 1996.  An Vatacáin?  1993.  Na Stáit Aontaithe?  Níl cara níos fearr ag Iosrael.  Agus tugann na Stáit na céadta milliún dollar do na Palaistínigh fosta.  Dhiúltaigh Yasser Arafat 30 billiún dollar in 2000 chun bailte a fháil do na teifigh. 

 

Anois, cé hiad atá ag obair ar son na síochána?