Le Séamas Ó
Neachtain
Bhí ionadh
(agus déistin, agus fearg) orm grianghraf an phríomh-leathanaigh de Lá (15ú
Bealtaine) a fhéachaint, agus fógra ar bhalla Bagdaid a deir “You’ll be dead
U.S. Army.” An fíor gur san Iaráic é? An raibh sé nua? Ní raibh alt
leis. Cás eile den schadenfreude frith-chogaidh a bhí ann, cinnte. An raibh eolas ag Lá nach bhfaca mé ó fhoinse ar bith eile?
Tháinig an grianghraf ó Knight Ridder/Tribune, agus fuair siadsan an
ghrianghraf ón Miami Herald (Carl Juste an grianghrafadóir), ach ní bhfuair mé
scéal leis.
Bhí sé
an-deacair eolas ar bith faoi a leithéid de rud a bhaint amach ar an
idirlíon. Nach mór an t-ionadh a bhí
orm, scéal chomh uafásach mar seo agus níl éinne ag caint faoi. Dúirt Lá faoin ghrianghraf “An teachtaireacht
atá ar chuid mhaith ballaí i mBagdad ar an aimsir seo.” Cuid mhaith, agus níl trácht air sna Stáit? Chrom mé ar a lorg arís, agus fuair mé cúpla
rud.
Fuair mé
scéal ón Washington Times, 27ú Bealtaine, a luaigh an graifítí. Tá cairde Saddam ann fós, agus daoine nach
sásta iad nach bhfuil Saddam, a mhic, is treoraithe eile na B’aath gafa fós ag
na comhghuaillithe. Tá eagla ar dhaoine
fós gur féidir le Saddam teacht ar ais.
Tá imní ar dhaoine eile go bhfuil SAM ag tabhairt foscaidh dóibh ar
chúis éigin.
Ní raibh
deireadh an fheachtais mhíleata mhóir foilsithe ag George Bush ach ag tosach Mí seo na
Bealtaine féin, agus tá mórán obair le déanamh fós. Tá na hIaráicigh ag tabhairt cabhair do na comhghuaillithe chun
baill an pháirtí B’aath a ghabháil, agus de réir a chéile tá na feidhmeannaigh
ag géilleadh. Tá deic cartaí ann, mar
is eol do chách, agus grianghraif de na daoine is mó tóir orthu ag SAM. Agus tá na hIaráicigh in ann labhairt anois
faoi dhaoine agus faoi chúrsaí.
Is féidir
nach bhfuil rian ar bith ann fós de Saddam ná a mhic – agus phléasc siad nuair
a thit buama orthu. Ní raibh a fhios ag
an domhan le blianta cad a tharla do Hitler, roimh an uair a roinn na Sóivéidí an t-eolas amach. Agus níl amhras ach go raibh naitsithe ann
fós (ní fheadar an bhfuil cúpla ann i gcónaí) le blianta i ndiaidh an
chogaidh. Ní bhíonn cogadh ná stair
glan simplí riamh. Bhí fórsaí na
comhghuaillithe i mbun sa Ghearmáin fiú go 1949.
Dar ndóigh,
bíonn daoine ag rá nach bhfuil na hairm ollscriosta ann, mar ní bhfuarthas iad
go fóill. Bhí alt in Lá ag insint faoi
cigirí a dul abhaile gan toradh ar a n-obair.
Ach is cinnte go bhfuil daoine ar a dtóir fós, agus tá daoine ag bailiú
mórán eolais. Beidh cigirí eile ann ag
cinntiú an fhianaise, agus mura bhfaighfear iad, gheofar eolas faoi mar a rinneadh leo –
agus cé acu anois iad. Bhí na Iaráicigh
an-sofaisticiúil agus iad dá gcur i bhfolach, agus tugadh mórán am dóibh, mar
gheall ar an mhoill ag na NA, chun a dtoil a dhéanamh leo. Tá an Iaráic níos mó
na an Ghearmáin. Ní dhéantar fiosrú
faoi choir i gceann míosa amháin de ghnáth, agus tá an rud seo níos deacra ná
sin.
Ach is é an rud ba shuimiúla san alt sa Washington Times ná go ndúirt siad go bhfacthas ar teilifís Al Arabiya satailít grúpa Arabach eachtrannach, Palaistínigh an chuid is mó acu, a gheall go mbeidh siad ag tiomáint na Meiriceánaigh as an Iaráic. Dúirt siad freisin gur chaill siad an chuid is mó dá “saighdiúirí” cheana féin.
Ar thug
Eorpaigh tacaíocht do na naitsithe i ndiaidh an chogaidh mar atá na hArabaigh seo ag déanamh san Iaráic?