Márta 2003
Is tír neamhspleách í an Stáit Aontaithe Mheiriceá. Níl aon rialtas nó eagraíocht eile ag a bhfuil údarás chun a thoil féin a bhrú orainn. Glacaimid le conarthaí idirnaisiúnta, agus dlí idirnaisiúnta de réir na conarthaí seo. Ach i ndeareadh na dála, is é ár rogha é an rud a dhéanaimid. Glacaim le comhairle ó thíortha eile, agus ón eagraisí idirnaisiúnta mar an Náisiúin Aontaithe. Ach is comhairle é - ní chuireann sé oibligeáid orainn.
De ghnáth, déanaimid ár ndícheall chun oibre leis an
gcomhphobal idirnaisiúnta. Is níos treise an bheart atá mar rún
ag an gcuid is mó den tsaol, agus is é mar aidhm againn chun
comhoibriú le tíortha eile, go háirithe san Náisiún Aontaithe,
más féidir. Ach is minic nach féidir sin a dhéanamh, go háirithe
nuair a bhíonn tíortha éagsúla ag cur constaicí romhainn. Cé go
bhfuil níos mó tíortha toilteanacha chun a rún féin a chur i
bhfeidhm an uair seo ná a bhí ann in 1991 (i gcoinne na
hIaráice), tá tíortha eile ann agus a gcláir ama féin acusan, a
rinne praiseach den próiseas agus den chur le chéile. Theip ar an
Náisiún Aontaithe feidhmniú i gceart mar gheall orthu, agus ní
mór do thíortha le dea-mhéin agus dea-thoil an eagrais sin a chur
ar leataobh, an uair seo. Tá súil againn nach mbeidh sé
neamhábhartha agus neamhéifeachtach as seo amach. Ach bhí, an
uair seo, gan amhras.
Léigh alt níos mo in Lá