Meiriceá, an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, agus an tAontas Eorpach

Le Séamas Ó Neachtain

Deireadh Fómhair 2002, leasaithe Meitheamh 2003

 

 

Tá a ndlíthe féin ag gach stáit sna Stáit Aontaithe Meiriceá. Agus glactar leo i gcónaí mura chuireann siad isteach ar na dlíthe náisiúnta, nó ar a chéile.

San olltoghchán 2000, chuirtear chun triall na prionsabail seo. Bhí an toghchán sin an-ghearr, agus ní raibh ach vótaí den stáit Florida amháin de dhíth chun an chomórtas a réiteach. Agus bhí sé ró-ghearr. Rinneadh gach rud de réir dlíthe Florida go cruinn, agus bhuail George W. Bush an toghchán. Bhí ath-chuntas riachtanach, mar gheall ar cé chomh gearr agus a bhí sé, agus rinneadh, le meaisíní. Bhuail George W. Bush arís. Ansin, thosaigh na cluichí.

De réir dlíthe an stáit, ní mór nó go mbeadh an toghchán críochnaithe roimh sprioc-dáta cinnte atá ann i mbunreacht an stáit. D’iarr an páirtí eile ar lámh-chuntas, agus rinneadh, ach ní raibh am go leor chun gach vóta a ath-chuntas, agus dúirt an Rúnaí Stáit, mar a bhí uirthi déanamh de réir an dlí, go raibh sé críochnaithe. Bhí am go leor ann fós é a iomardú (go náisiúnta) do Al Gore, ach tharla rud eile. D’aistrigh cúirt Florida an dlí – go neamhdhleathach! Agus ath-thosaigh na cluichí i ndáiríre, an páirtí Daonlathach ag iarraidh an toghchán a ghoid. Níor stad go dtí cosc a tháinig ón bPríomhchúirt Náisiúnta. Agus, i bhfírinne, ní dhearnadh an cinneadh sin de réir an dlí Florida, nó an dlí náisiúnta, ach dar leo, ní raibh am ann chun an cleas a dhéanamh “go cothrom” leis an lámh-chuntas. Bhí an breithiúnas seo cúigear i bhfabhar agus ceathrar in a choinne. Agus dar ndóigh, maíonn mórán daoine gur ghoid na Poblachtánaigh an toghchán trí mheán na gcúirteanna!

Scéal conspóideach é, mar is ró-mhinic nuair a shocraítear rudaí sna cúirteanna.

Tharla rud cosúil leis le gairid sa stáit New Jersey. De réir dlí an stáit, tá sprioc-dáta ann agus ní féidir an t-iarrthóir i dtoghchán a athrú ina dhiaidh. Ach rinne an páirtí Daonlathach an cleas sin, mar bhí a n-iarrthóir ar tí an toghchán a chailleadh (toisc go raibh an iomarca de scannail aige). Agus d’ainneoin an dlí, ghlac cúirt New Jersey leis! Bhí an páirtí Poblachtach ag iarraidh ar an bPríomhchúirt Náisiúnta an cás a phlé, ach dhiúltaigh siad (agus bhuaigh an iarrthóir neamhdhlisteanach Frank Lautenberg an toghchán!). Is cinnte nach féidir a bheith cinnte go leanfaidh siad litir an dlí ar chor ar bith.

Deirtear go bhfuil na cúirteanna ró-chumasach i Meiriceá. Deirtear gur na cúirteanna an roinnt is lochtaí sa rialtas seo againn. Níl siad freagrach don phobal.

B’fhéidir leis an gcomhdháil cosc a chur ar a leithéid de eachtraí seo, ach ní dhéanann siad. Tá sé an-deacair, an-chonspóideach, agus is minic gur scríobhtar na dlíthe chomh neamhchruinn agus is féidir, chun an t-ualach a chur ar na cúirteanna ceisteanna na rialacha a shocrú, d’aon ghnó. Faigheann na polaiteoirí an creidiúint, agus sheachain siad aon mhilleán; tugtar an mhilleán ar na cúirteanna, agus tá na breithimh ceapaithe, seachas tofa!

Tá fadhbanna, mar sin, le húdarás na gcúirteanna. Ní féidir aon iontaoibh a bheith orthu. Bítear ag súil go ndéanfaidh na polaiteoirí feabhas ar an stáit sin, ach farais sin, is an-tábhachtach bheith i mbun ceapadh na mbreithimh. Sin a fáth nach mbíonn an seanad ag deimhniú beagnach breitheamh ar bith do George W. Bush, le cúpla bliain anuas.

Cúis idirnáisiúnta, agus is breá lena hEorpaigh é, an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta. Ní maith leis an Stáit Aontaithe é. Ní nach ionadh! Is deacair go leor srian a chomeád ár gcúirteanna féin, seachas cúirteanna lasmuigh dlí Meiriceánach ar bith!

Ní cheapfaimid na breithimh – déanfaidh ár naimhde amhlaigh – agus tíortha eile atá in éad linn. Mar sin, ba féidir leis an gcúirt seo saighdeoir Meiriceánach atá ar dualgas san Eorap a chur ar triaill, mur maith leo an misean atá le déanamh aige, cuir i gcás. Ní hea, ní hé sin inghlactha ag Meiriceánaigh, an chuid is mó againn. Ach is ansa leis na hEorpaigh a leithéid de rud. Cén fáth?

Tá comhghéilleadh againn agus ag gach rialtas daonlathach leis an sóisialachas, sa lá atá ann inniu. Tá na hEorpaigh níos báúil leis an sóisialachas. Ní miste leo maorlathaithe ag déanamh rialacha dóibh, agus gach rud a chur in ord dóibh, chun “spriocanna na conartha [san Aontas Eorpach] a chur i ngníomh,” díreach mar a dhéanann na cúirteanna Meiriceánacha le bunreachtanna. Is minic, freisin, go mbíonn cultúir níos aonchineálacha ag tíortha san Eoraip, agus bíonn neamhspleáchas pearsanta níos lúide mar meoin acu. Tá an cóimheá claonta chuig an taoibh eile i Meiriceá. Is an-tábhachtach an neamhspleáchas pearsanta, agus an neamhspleáchas náisiúnta dúinn.

Is bun-phrionsabal na hAontas Eorpach go nglacann gach tír le rialacha a théann ó ghrúpa stiúrtha nár thogh siad féin. Agus nuair atá vótaí ann, tá vóta ag an tír is lú beagnach cothrom le vóta na tíre is mó. Is maith an rud é seo don tír bheag - agus tá an chuid is mó díobh beag. Agus tá gach tír acu beag I gcomparáid leis an S.A.M.

Tá tuairimí láidir acu faoi gach rud ar féidir riail a dhéanamh faoi. Dá mbeadh siad (na tíortha beaga) in ann rialacha a dhéanamh do Mheiriceá, agus do gach tír mhór eile, dhéanfadh! Agus dá mbeadh cúirt acu chun a rialacha a chur i bhfeidhm, dhéanfadh! Is Cuma an méid neamhspleáchais a ghéill siad do na maorlathaithe, a fhad is atá an chumhacht nua seo acu. Déanann an t-eagar seo gnó san Eoraip, agus déanann sé gnó, uaireanta, sa Náisiúin Aontaithe. Ach is léir nach fearr do tír mhór geall leis an gcóras seo. Tá ár dtuairimí féin againn. Is beag an buntáiste a gheobhaimis as ár neamhspleáchas a ghéilleadh.

Dar linn, is dáil taidhleoireachta é an Náisiúin Aontaithe; dar le hEorpaigh éagsúla, is dáil rialtais é. Is deacair go leor rialtas tíre amháin a choimeád slán feidhmiúil; ní féidir ar chor ar bith sin a dhéanamh le “rialtas” domhanda, creidimid. Má dhéanann sé gnó san Eoraip, dhéanadh sé gnó sa domhan mór, ceaptar. Ach is daoine éagsúla sinn, agus níl sé indéanta.

Ní thuigeann roinnt mhaith na hEorpaigh an dearcadh seo atá againn. Sin fáth eile nach mbeidh siad ina mbreithimh orainn, riamh, le cúirt agus cumhacht chun a dtoil a leagan orainn. Beimid ag cur is ag cúiteamh, agus ag cur faoi cúrsaí an saol, saor ón ansmacht go deo, le cúnamh Dé.

 

© 2002 James Norton. Gach ceart ar cosnamh.