Cá bhFuil  na hAirm Ollscriosta?

 

Le Séamas Ó Neachtain

 

Scríobh mé an chéad chuid den alt seo 9 Iúil 2003, agus an dara chuid 12 Bealtaine 2004

 

7/9/2003

 

Cad é an nath a bhíodh i dtólamh ag naimhde an chogaidh roimh ionsaí  na gcomhghuaillithe ar an Iaráic?  An rud ab ansa leis an bhFrainc is na Náisiúin Aontaithe?  ‘Tabhair níos mó ama do na cigirí arm,’ a bhíodh siad ag rá.  ‘Beagán níos mó ama agus sásóidh Saddam sinn nach raibh sé ag iarraidh ar airm ollscriosta a choimeád, agus cruthóidh sé gur scrios sé na cinn atá ar eolas againn.’  Beagán níos mó ama.

 

Agus nach ait an mac an saol?  Sa lá atá inniu ann, ní bhíonn le cloisteáil ó na daoine céanna ach‚ `Cá bhfuil na hairm ollscriosta?  Cén fáth nach bhfaightear iad cheana féin?  Ní raibh siad ann riamh.  Bréag mór a bhí ann.’

 

Feicfear cad a tharla i ndeireadh na dála.  Ach más bréag a bhí ann, bhí chuile dhuine ag dul leis.  Níor ghlac éinne ach Saddam féin (mar chur i gcéill) nach raibh sé ag bualadh bob ar na cigirí.  Ní raibh siadsan sásta, ní raibh siad críochnaithe.  Beagán níos mó ama…

 

Ní dhearna Saddam an rud a d’iarr an domhan air – níor thug sé cruthúnas dúinn nach raibh na hairm aige.  Bhí gach dealramh ar an scéal go raibh.  Creidim-se, creideann George Bush, Tony Blair, agus mórán daoine eile, go bhfaighfear iad, nó a rian.

 

Is cuma in aon chor é leis an móramh sna Stáit.  Bhí baol ann, agus bhí an ceart againn.  Bhí an t-am thart.

 

5/12/2004

 

Agus cad é an scéal mar atá sé inniu?  An bhfaightear airm?  Tá a lán fhios ag an saol nach bhfaightear.  Deirtear go raibh dul amú ar na daoine a dúirt go raibh siad ann – nó níos measa.  Ach cad é an scéal i bhfírinne?

 

Dúradh in 2003 go raibh plean ag Saddam iad a choimeád faoi rún.  Mura rinne, rinne sé gach saghas ruda chun chur in iúl go raibh uisce faoin talamh ina leith.  Scríobh Ibrahim al-Marashi an t-alt seo, http://meria.idc.ac.il/journal/2003/issue1/jv7n1a5.html, a mhíníonn cad a bhíodh ar siúl ann le blianta, agus na NA ag imirt an chluiche leo.  Ach tá níos mó den scéal, feictear inniu.  Bhí gach iontaoibh ag an Eoraip (an Ghearmáin is an Fhrainc, agus an Rúis) sna NA, agus bhí siad an-sásta an status quo a choimeád ad infinitum.  Tá nod againn inniu cén fáth.

 

Nuair a bhíodh na daoine ceartchreidmheacha ag caoineadh faoi na páistí a bhíodh ag fáil bháis san Iaráic mar gheall ar na Stáit Aontaithe (bréag eile, dar ndóigh), bhí a gcairde sna NA , san Eoraip, agus i tíortha eile ‘neamhspleách,’ ag déanamh margadh le Saddam faoi chlúdach an chláir ‘Ola as Bia.’  Féach an t-alt seo, mar shampla, a thugann chuid den scéal dúinn: http://www.nationalreview.com/comment/rosett200403101819.asp.

 

Ach má tá iontaoibh agat fós ag éinne sna NA, cad deir siad féin faoi na hairm seo, tar éis an tsaoil?  UNMOVIC ann fós, ach níl siad ag obair san Iaráic faoi láthair.  Sular imigh siad, rinne siad tuairisc.  Cad dúirt?  Ní bhfuair siad stockpiles.  Ach fuair siad go raibh baint láidir idir tionscadail arm agus tionscadail eile, agus gurb fhéidir leo dul eatarthu gan dua.  Fuair siad diúracáin neamhdhleathacha Al Samoud 2.  Ní bhfuair siad eolas faoi cad a tharla do mhórán dá raibh ann in 1991, riamh, cé go raibh sé riachtanach do Iaráic an t-eolas sin a sholáthair dóibh.  Bhí amhras orthu faoin t-eolas a bhíodh rialtais Saddam ag soláthair dóibh i gcónaí.

 

I ndiaidh an chogaidh, cad fuair na Meiriceánaigh is a gcomhghuaillithe?   Ar dtús, cheap an CIA go bhfuair siad leoraithe a bhíodh oiriúnach do hairm cheimiceacha.  Agus cúpla uair, fuarthas shells amhrasach.  Ach fós, níl aon fhianaise ann.  Ach níl gach rud scrúdaithe fós atá os comhar an tsaoil, gan trácht ar rudaí i dtaisce faoin talamh nó áit ar bith eile.  Agus níl an tír socraithe fós, mar atá a lán fhios ag an saol.  Is féidir nach bhfuil daoine sásta fós a scéalta a insint, agus Saddam beo, agus seans (an-bheag) ann go dtiocfaidh an lucht seo ar ais i mbun na tíre.  Is cinnte gur scriosadh mórán fianaise nuair a rinneadh an t-ionsaí.  Fuarthas fianaise faoi truailliú san NA, srl., i measc na doiciméid nár scriosadh.  Agus bhí fianaise ann go raibh siad ag bualadh bob ar na NA.  Ach níl aon smoking gun ann fós.

 

Cá ndeachaigh siad?  Go dtí an Iaráin?  An  tSiria?  B’fhéidir.  Is léir go bhfuil na tíortha seo ag tabhairt tacaíochta do na sceimhlitheoirí atá ag troid fós i gcoinne na comhghuaillithe san Iaráic.  An mbeidh a fhios againn riamh?  Cá bhfios.  Is féidir go bhfuil sé chomh dorcha go mbeadh sé mar an dúnmharú Cinnéide i gcónaí.  Feicfimid.

 

An raibh Sasana agus na Stáit agus a chairde ag insint bréagacha fúthu an t-am ar fad?  Ní bhfuair siad aon advantage as, dá ndéanfadh!  Agus is cinnte nach ndearna.  Bhí gach duine, beagnach, den tuairim céanna – bhí airm ann tráth, níor inis Saddam an fhírinne fúthu, agus bhí gach seans ann go raibh siad ann fós.  Dúirt gach polaiteoirí sa pháirtí Daonlathach an rud céanna.  Dúirt na NA.  srl.  Dá mbeadh bréag ann, bhí sé inghlactha fud fad an domhain.  Bhí an conspóid faoi chur i bhfeidhm na rún; ní raibh faoin réamhleagan.

 

An raibh dul amú ar na fórsaí rúnda?  Bhuel, is cinnte nach raibh eolas cruinn acu, agus go minic nach raibh siad ceart.  Ní cinnte é, pé rud a deirtear, nach raibh an ceart acu faoin rud ina iomlán.  Agus táthar ag iarraidh an fhadhb sin a réiteach - http://www.whitehouse.gov/news/releases/2004/02/20040206-13.html. 

 

Cad tá ar siúl faoi láthair?  Seo ráiteas Chóilin Powell: http://www.whitehouse.gov/news/releases/2004/01/20040128-1.html.

Tá siad á lorg fós.  Agus rinneadh an rud ceart ag an am.

 

(An cuimhin leat cad a dúirt Powell do na NA?  Seo duit!  http://www.state.gov/secretary/rm/2003/17300.htm)

 

Cad deir George Tenet (ceannaire an CIA)?  Tá siad á lorg fós: http://usembassy.state.gov/posts/pk1/wwwh04020601.html

http://www.cia.gov/cia/public_affairs/speeches/2004/tenet_georgetownspeech_02052004.html

 

Maidir le hairm ollscriosta lasmuigh den Iaráic, fuaireamar faoin bPacastáin, agus stad siad á ndíol.  Stad an Libia á chruthú.  Táimid ag brú ar an tSiria agus an Iaráin gan iad a dhéanamh.  Tá baol ann i gcónaí, ach tá toradh ann as an seasamh láidir ina gcoinne.