Le Séamas Ó
Neachtain
Fearadh an
cogadh i gcoinne an Iaráic, agus pé tuairim a bhí agus atá ag éinne, tharla sé,
agus tá sé sin socraithe. Ní féidir le
duine ar bith tairngreacht a dhéanamh faoin a bhfuil le teacht as, ach is
féidir linn bualadh faoi thuairim a dhéanamh.
Is réasúnta
cinnte é go mbeidh coibhneasa nua ann sa saol.
Beidh Sasana agus Meiriceá níos cairdiúla ná riamh lena chéile. Rinne an Fhrainc dochar an-mhór dá íomhá i
Meiriceá. Ní bheidh cúrsaí mar a bhíodh go ceann i
bhfad. Sa Ghearmáin, níl oiread is
b’fhéidir leath na daoine glan in aghaidh Meiriceá (bhí an olltoghchán is
deireadh an-ghearr ansin), agus is dóigh liom go dtiocfaidh feabhas ar an scéal
sin nuair a thagann an chéad olltoghchán eile.
D’fhéadfadh sé a bheith amhlaidh sa Tuirc, freisin, ach bí cinnte nach
mbeidh sé mar a bhíodh le tamall. Is
cuimhin le Meiriceá gach feall a rinneadh uirthi.
Ní fheadar
an mbeidh cúrsaí comhsheasmhacha i Meiriceá tar éis olltoghcháin eile. Tá súil agam nach ndeachaigh sí ar cúl agus
nach mbeidh dallamullóg agus lagar uirthi.
Is é mo thuairim-se nach ndéanfadh muintir Mheiriceá amhlaidh – tá siad
an-sásta le saothar George W. Bush.
Tá níos mó
measa tuilte ag tíortha eile san Eoraip, mar shampla, an Spáinn, agus tíortha
Oirthir na hEorpa. Beidh Meiriceá ag éisteacht agus ag obair
leo.
Ní rud nua
é go bhfuil deacrachtaí idir Meiriceá, an Rúis agus an tSín. Tá seans ann go mbeadh siad ag cabhrú leis
an gCóiré Thuaigh, agus bheadh sé sin maith go leor mar aithrí acu. Ba mhaith le Meiriceá a bheith cairdiúil
leo, gan dabht.
Níl fonn ar
na Francaigh fós gan a bheith i gcoinne Meiriceá; tá siad ina dtír “mórán” le
rá faoi láthair. Ach tar éis tamaill,
le neamhaird ó SAM, foghlaimeoidh siad fios a leasa.
Cheana
féin, d’admháil an rialtas a náire faoin loitiméireacht uafásach a rinneadh i
reilig shaighdeoirí Shasanacha. Agus tá
siad ag cabhrú an Phacastáin i gcoinne a sceimhlitheoirí. Ní nós é le Meiriceá fala a choimeád le seal ró-fhada. Beidh feabhas ar an scéal d réir a chéile. Ach ní bheidh aon mhuinín ag SAM sna Francaigh mar chairde.
Cad faoin
Náisiúin Aontaithe? An mairfidh
sé? Rinneadh mórán dochar dá údarás, ach
is fearr don saol é má tá sé ann mar áis..
Agus eagraíonn sé tionscadail dhomhanda faoina scáth a dhéanann tairbhe
sa saol, uaireanta. Ní dóigh liom go
gcreidfear go bhfuil an Comhairle Slándála ina rud dáiríre le tamall.
Cad faoi na
daoine ar fuath leo Meiriceá, agus Bush go háirithe? Dá dtiocfadh glór ó Neamh féin agus é ag tabhairt a bheannachta
ar G. W. Bush, ní bheadh malairt intinne ar an gcuid is mó de na daoine
seo. Tá siad dúnta go daingean. Ach iompaíonn rotha mór an tsaoil, agus
bíonn dóchas ann go mbeidh daoine níos ciallmhaire lena chéile, lá éigin.
Maidir le
hÉire, tá níos mó suim ag G.W.B. i bhfadhbanna Tony Blaire anois, agus fonn
oibre air chun an tsíocháin a bhaint amach ar fud an domhain – agus smacht a
chur ar bhannaí bréag-mhíleata [paramilitary] go háirithe. Mar a léiríodh an
tseachtain seo, beidh siad ag obair le chéile chun réiteach seasmhach a
chothú sna sé contae.
Bhí
Poblacht na hÉireann chomh neodracht agus ab fhéidir. Rinne siad gearráin faoin gcogadh, agus léirsithe acu mar a bhí
ar fud an domhain. Ach “níor dhóigh
siad a ndroichid” – thug siad an cabhair ab fhéidir leo do Mheiriceá, go
ciúin. Ní dóigh liom go mbeidh athrú
mór idir Meiriceá agus Éire, ach amháin go bhfuil masmas ar Mheiriceánaigh
faoin bhfríth-Mheiriceánachas ar fud na hÉirinn. Tá cneá ann, agus fanfaidh daoine sa bhaile go slánaíonn sé,
sílim.
Agus faoin
Iaráic féin, an Meán-Oirthear, agus na
sceimhlitheoirí? Beidh réiteach éigin
in Iosrael, agus beidh tír nua darb ainm an Phalaistín ann. Beidh níos mó eagla ar na sceimhlitheoirí
roimh an Iarthair, agus gan Saddam, agus le Palaistín ann, beidh sé níos éasca
do na tíortha Moslamacha eile smacht a choimeád ar na radacaigh. Ní bheidh deireadh le cogadh I gcoinne na
sceimhlitheoirí fós, is dócha. B’fhéidir
nach mbeidh riamh, go háirithe nuair a bhíonn daoine in Éirinn, san Eoraip, I
Meiriceá féin, agus ar fud an domhain, ag tabhairt misnigh agus tacaíochta
dóibh. Dá gcuirfimis le chéile ar son
na síochána i ndáiríre, seachas a bheith ag caint faoi gan smaoineamh…