An Phraiseach is Measa ar Domhan?

 

Le Séamas Ó Neachtain

 

 

 

Is mó a chloisimid faoin Meán-Oirthear, is an Chóiré, agus is minic nach bhfuilimid ag tabhairt aire ar an Afraic.  Ní bhíonn dainséar don saol lasmuigh ó na fadhbanna ansin, de ghnáth, agus mar sin is ró-éasca dúinn a slí féin a ligean dóibhsean.  Ach uaireanta, éiríonn cúrsaí chomh uafásach nach féidir linn súil a dhúnadh orthu.

 

Tá cneá ag ábhrú sa Chongó, agus i measc na ngrúpaí atá ag troid lena chéile fós ansin, tá na daoine céanna a rinne an t-ár sa Ruanda in 1994, nuair a maraíodh na mílte daoine, agus daoine eile as Uganda (tír Ídí Aimín, tráth).  Tarlaíonn uafás i ndiaidh uafáis ansin, ach níl eolas ar bith ag mórán faoin áit agus gach a bhfuil ar siúl ann.

 

Tá dhá tír ann ar a dtugtar ‘Congó.’  Tá Poblacht an Chongó ann Thiar ó Thuaidh de na habhainn Congó agus Úbangaí, atá ina hiar-choilíneacht Fhrancach, agus níl mórán trioblóid ansin. Agus ansin tá iar-choilíneacht na Beilge ann, ar a tugadh an tSáír sna seascaidí, agus ar a thugtar anois Poblacht Daonlathach den Chongó (an PDC).  Tá stair coilíneach níos measa ag an tír seo, agus stair níos measa ó shin i leith fosta.  Tá maoin mhianraí acu, ach tá truailliú go leor mar gheall air.

 

Tá an PDC chomh mór leis an Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn, an Pholainn, An Ríocht Aontaithe, an Fhionlainn agus Éire le chéile.  Ach as an méid sin, níl ach cuid chomh mór le hÉirinn insaothraithe.  Ach tá daonra ann beagnach chomh mór leis an Fhrainc.  Tá an dá Chongó suite ar an Meánchiorcal, in Iarthair na Afraice.

 

Tá mórán treibheanna éagsúla ina gcónaí ann, agus an iliomad faicsin.  Leis sin, bíonn airm óna gcomharsana san Oirthear, Uganda agus Ruanda, ag teacht i dtír chun cur leis an síor-foréigean.  Bíonn siadsan ag tabhairt cabhair do réabhlóidí éagsúla, agus bíonn an tSiombáib, an Namaib agus Angóla ag cabhrú le rialtas an Chongó.

 

Tá cogadh ar siúl ann le fada.  Dhíbir athair Seosamh Kabila, Laurent Kabila, Seosamh Mobutu as an oifig mar uachtarán (deachtóir).  Sin an rud a rinne Mobutu féin, fadó, do dhuine eile.  Rinneadh feallmharú ar Laurent Kabila in 2001, agus sin an fáth go bhfuil Seosamh Kabila ina uachtarán inniu.  De réir dealramh, tá sé ag iarraidh ar an síocháin agus ag tnúth leis an daonlathas.  Ach níl cuid mhór den tír faoina stiúir fós, agus bíonn daoine ag imirt báis ar a chéile beagnach gach lá.  Tá conartha síochána ann, ach ní bhíonn gach grúpa sásta meas a thabhairt orthu.  Bíonn teifigh ag dul go dtí na comharsana ina mílte, agus áiteanna go leor a bhíonn gan dlí.  Agus deirimse i bhfírinne gan dlí.  Maraítear sibhialtaigh i gcónaí, agus le déanaí fuarthas oll-uaigh eile in a bhfuil breis is 300 duine.  Maraíodh beagnach míle duine in Aibreán i mbliana, díreach i ndiaidh conradh síochána eile.  Itheann grúpaí éagsúla (ón dá thaobh) na Pigmithe!  Tá baol ann go n-imreofaí ár eile níos measa na Ruanda ann fós.

 

Tá na Náisiúin Aontaithe ag iarraidh cabhair a thabhairt dóibh, agus an tsíocháin a choimeád – má tá sé ann.  Ach níl cead acu troid i gcoinne namhaid ar bith, agus níl go leor saighdiúirí acu ann ach oiread.  Faoi láthair, tá siad ag lorg ‘Comhcheangal na dToilteanach’ chun dul i ngleic leis an fhadhb, agus beidh an Fhrainc mar threoraí dó.  Maraíodh cúpla duine de na NA go fiáin le déanaí.

 

Tá daoine ann atá ag iarraidh cabhrach uainne go léir chun stad a chur leis an bhforéigean díchéillí.  An bhfuilimid toilteanach?  Agus má tá, an féidir é?