Cad é an
difear idir an Cónradh Náisiúin agus na Náisiúin Aontaithe? Tosaíodh an dá acu faoi choimirce na
gComhghuaillí ag a raibh bua i gcogadh domhanda. In 1946, fuair na NA áirgí an CN, agus tá na haidhmeanna céanna
ag an dá eagraíocht. Cad é an difear, agus cén fáth go
raibh gá leis an athrú?
Dar le John
Simkin, mar a deir sé ar www.spartacus.schoolnet.co.uk (suíomh idirlín iontach, as Béarla, faoin
stair), is iad na príomh-dhifir iad ná go bhfuil níos mó cumhachtaí
feidhmitheacha ag an gComhairle Shlándála, agus go bhfuil sé riachtanach de na
baill go ngeallann siad go dtabharfadh siad fórsaí míleata, chun feidhmiú mar
coimeádaithe na síochána, nó chun ionsaitheoir a dhiúltú. Sin a rá, tá fiacla ag an NA.
Níl ach píosa
beag dá bhfuil ann sna NA an Comhairle Slándála, agus tá eolas go leor faoi
chuile rud ag www.un.org, as cúpla mór-theanga. Ach is é an píosa is tábhachtaí agus is conspóidí é, an Chomhairle
Shlándála.
Cé hiad sa
Chomhairle Shlándála seo? Caitheann
tíortha éagsúla (10) sealta ann, de réir na haibítre Bhéarla. Ach tá cúig tír ann go buan-seasmhach – SAM, an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc,
an Rúis, agus an tSín. Agus seo an rud
conspóideach a bhaineann leo – mura bhfuil a vótaí ann, ní dhéantar faic. Tuigtear é seo mar ‘chros.’ Tugadh do na tíortha seo é, mar ní ghlacfadh
siad bheith faoi chumhacht tíortha eile, agus sin a rá, bheith ina mbaill de na
NA, gan é. Maraon leis an phribhléid
seo, íocann na cúig tír seo breis is leath de chostais na NA as a bpócaí
féin. Buaiteoirí an Dara Chogadh
Domhanda iad, agus sin an fáth go bhfuil siad ann, cé nach Téaváin agus Aontas
na Sóivéadach ann, ach an tSín ó 1971, agus an Rúis ó 1991.
(Tá mórán
eolas ag an BBC, as Béarla, ar an idirlíon, faoi na rudaí seo, sa suíomh www.bbc.co.uk).
Is féidir
le tíortha eile plé leis an Chomhairle seo, fosta, agus tá mórán le rá ag an
Tionól Ginearálta. Tá beagnach gach tír
ag a bhfuil rialtas (gach ach amháin Stát Chathair na Vatacáine) ina ball, sin
191 tír. Ní raibh oiread is leath díobh
ina ndaonlathais le fada an lá, ach le b’fhéidir dosaen bliain anuas, don chéad
uair riamh, tá breis is leath ina ndaonlathais (idir 104 is 121, a bhraitheann
ar conas a thuigtear ‘daonlathas’).
Ba é
an Cogadh Fuar an rud ceannasach i
gcónaí, suas gur theip ar an chumannachas sa Rúis is ina tíortha leanúna. Ó shin i leith, bíonn ról na NA agus na
Comhairle Slándála níos casta, mar tá féidearthachtaí nua ann.
Is é an rud
is mó a dhéanann an Chomhairle Slándála ná fórsaí míleata a chur “i mbearna
baoil” mar choimeádaithe na síochána – rud nár éirigh go maith leo go
minic. Bhí an rud seo ar siúl in
Iosrael in 1948, Suez agus an Meán-Oirthear (1956 –1967), an Congó (1960-1964),
agus an Iúgslaiv (1992-1995), mar shamplaí.
Go minic, theip orthu an tsíocháin a choimeád ach le seal.
Ní minic a
d’aontaigh na tíortha móra faoi chúrsaí slándála i rith an Chogaidh
Fhuaire. Ach ina dhiaidh, fearadh i
bhfad níos mó eachtraithe chun an tsíocháin a choimeád, nó chun iarraidh air
sin. Roimh 1988, ní dhearna ach 13
idirghabháil. Ó 1988 i leith, rinneadh
38! Is cinnte nach ndéantar idirghabháil
i gach aon chás, ach oiread. Mar
shampla, in 1988 amháin, bhí 31 cogadh ar siúl, agus bhí 3 idirghabháil nua
agus 5 gan deireadh leo ag an NA sa bhliain sin. Bíonn cogaidh ar siúl nach ndéanann na NA rud faoi. Cén fáth?
De ghnáth,
is minice a fearadh idirghabháil i gcogaidh chathartha ná i gcogaidh idir
tíortha éagsúla. Is é an saghas cogaidh
is coitianta, agus ag a bhfuil an seans is mó le comhghéilleadh, é seo.
Rinne Michael Gilligan ó Ollscoil Nua-Eabhrac agus Stephan John Stedman ó Ollscoil Stanford staidéar air seo in 2001 (atá ar an idirlíon, as Béarla, ag http--www.nyu.edu-gsas-dept-politics-faculty-gilligan-org_f02-ch7.pdf). Conas a roghnaíonn na NA na cásanna is fiú a mbaineann leo, dar le Gilligan agus Stedman?
1) Dá mhéad a bheadh taismigh ann, is ea is mó is dócha go d'fhearfadh idirghabháil. Sin a rá, is minic nach ndéantar mórán roimh an dochar is mó.
2)
Tá an seans go ndéanfadh na NA idirghabháil i gcogadh
cathartha i bhfad níos
lú má tá arm mór rialtais ann.
3)
Is
mó dóchúla go ndéanfadh na NA rud de réir mar a leanann cogadh ar aghaidh.
4)
De
réir cosúlachtaí, tá na NA claonta i bhfabhar an Iarthair, leis an seans is lú
le heachtra san Áise.
5)
Bhí
tionchar an Chogaidh Fhuaire an-láidir, agus tá níos mó fonn ann ina dhiaidh
chun misin ar son na síochána a dhéanamh.
Is
eagraíocht teoranta é, na NA. Níl gach
chumas aige, agus níl gach cás oiriúnach dó.
Agus sinne ag smaoineamh ar chúrsaí an lae, ba chóir dúinn machnamh ar
stair agus na fíricí a bhaineann leis na NA, agus gach comhrá a bhunú sa
réaltacht.