Mo Chur in Aithne

 

Le Séamas Ó Neachtain

 

 

 

Is tír beag mise, sine ná an Chailleach Béarra.  Is mór an bhuairt orm.  Leis na cianta, scriostaí mo dhaoine, agus scartaí iad ar fud an domhain mar géanna fiáine, go gach cúinne na cruinne, go háirithe go Meiriceá.  Bhíodh siad faoi leatrom mar gur strainséirí agus  eachtrannaigh iad.  Bhíodh doicheall rompu mar gheall ar a gcreideamh.  Maraíodh iad mar mhairtírigh.  Ag bhain siad cáil is clú orthu féin, agus choimeád siad a gcultúr féin.

 

Tá comharsa mhór agam a bhíodh do mo chrá.  Muintir bródúil iad, agus is mó a n-éachtaí.  Tá a lucht leanúna acu ar fud an domhain.  Ach ní bhíodh trua ar bith aici orm in am an dhrochshaoil.  Chuir sí a dhaoine féin faoi in ionadh mo dhaoine, faoi bhrú láimhe láidre, agus rinneadh feall orm, fadó.  D’aistrigh siad an saol lena réabhlóid diaga is a dlíthe nua, ag brú a gcultúr ar gach comharsa.  Díbeartaigh ab ea iad, mo dhaoine, mo pháistí, seolta go hIfreann nó go dtí an tIarthar.  B’fhearr mo namhaid iad a bhrú isteach sa muir, agus rinne siad iarracht air sin níos mó ná uair amháin.

 

Níl saibhreas ón talamh agam mar atá ag mo chomharsa mhór, ach tá saibhreas intinne agus spiorad ag mo dhaoine.  Is daoine cróga calma iad, agus tá an-aithne ag an domhan ar a n-eachtraí.  Inspioráid iad do na céadta milliúin duine iad.  Ach nuair atá cairde de dhíth acu, is ró-mhinic nach mbíonn duine ann le caint ar a son.

 

Ach is mór í luach na foighne.  Sa bhfichiú aois déag, fuair mórán de mo dhaoine a saoirse, is thug siad m’ainm ceart orm arís.  Bhí triail crua orthu le tamall, chun a seilbh a bhaint amach dóibh féin arís.  Ach sheas siad a bhfód, agus d’ainneoin géarchéim agus cogadh, tháinig a lá – cé nach foirfe agus nach cuimsitheach a mbua. 

 

Thosaigh siad a rialtas féin arís, daonlathas breá.  Tháinig mórán abhaile nach raibh ann roimhe.  D'athbheoigh siad a dteanga arsa, nach raibh ach ag scata beag, á saibhriú, is cuma nua-aimseartha curtha uirthi.  D’aithin na tíortha móra mo cheart mar tír neamhspleách, agus táim i mo shuí i measc náisiún eile an domhain.

 

Ach ón dtosach an ré nua seo, tá trioblóidí agam.  Níl mo dhaoine i gcónaí ar aon intinn faoi mo threo.  Níl an creideamh céanna acu go léir, má tá creideamh ar bith acu.  Tá scata mór daoine eile ina measc, agus iad mar pháistí eile agam leis na céadta bliain.  Is minic nach mbíonn cothrom eatarthu, mar ba chóir.  Agus tá droch-chairde acu i mo thimpeall, a bhíonn ag bagairt orm is ag imirt an bháis ar mo pháistí.  Is beag beann a thugann an saol do mo thrioblóidí, agus ní mór do mo pháistí iad féin a chosaint, lá i ndiaidh lae.

 

Tá seans acu le cúpla bliain anuas chun conradh síochána a chur i bhfeidhm, chun comhréiteach a ghlacadh.  Tá cabhair agam ó chara mór thar sáile, agus táthar ag súil go mbeidh sos ó chogadh agam don chéad uair ó uair mo shaoirse.  Ach tá siad ann fós a bhfuil droch-mheán acu, agus ar mhaith leo go dteipeann an síocháin, agus tá cairde saibhre acu á spreagadh.  Tá rian an drochshaol ag brú ar dhaoine.  Is minic a shíltear go bhfuilim gan dóchas, ach ní aontaím leis sin.  Táim láidir agus dóchasach.  Ní bheidh mé ag cúlú.  Ach is minic nach dtuigeann an saol mé, agus tugann siad tacaíocht do mo naimhde, agus creideann siad a mbréig fúm.  Tá a léamh féin ar an scéal, agus ní éisteann siad liomsa.

 

An bhfuil aithne agat orm?  An Éire mé?  Ní hea.  Mise Iosrael.