Soiscéal Iúdáis, an Cód Da Vinci, agus Naomh Irenaeus

Le Séamas Ó Neachtain

 

 

Táthar ag maíomh le déanaí go bhfuil rúin ag teacht chun solais maidir leis an gCríostaíocht.  Tá daoine ann nach dtuigeann gur ficsean amháin amach is amach é The DaVinci Code1.  Is breá le daoine bheith ag smaoineamh go bhfuarthas eolas nua, eolas rúnda, a thugann tuiscint nua dóibh.  Sa chás seo, tuiscint nua a thugann cead a chinn do gach éinne, mar tugann sé le fios gur bréag ón dtosach é an creideamh Críostaí.  Ní haon rud nua a leithéid seo, mar atá.

 

Rinne National Geographic2 clár teilifís agus scéalta foilsithe faoi shean-leabhar, ó ré lua na hEaglaise, ar a dtugtar Soiscéal Iúdáis.  Cheapfaí ó na tuairiscí go raibh éabhlóid de réir theoiric Darwin ar siúl, agus gur fhás an creideamh Críostaí sa dóigh sin.  Dar leo, bhí mórán léamh ar scéal Chríost ann, ar chomh-chéim lena chéile, agus roghnaíodh ceann díobh thar na cinn eile, i ndeireadh na dála.  Táimid chomh cliste sa lá atá inniu ann, gur féidir linn é seo a thuiscint.  Níl an fhírinne ann, más fíor dóibh, mar insíonn an "Soiscéal" seo scéal atá bunoscionn ón gcreideamh mar a thuigeann na gnáth-Chríostaithe é.  Ach mar a deirtear sa Bhíobla, "níl aon ní nua ann faoi luí na gréine3." 

 

Táimid chomh cliste inniu, nach bhfuil gá againn tuairimí is tuairiscí na ndaoine a bhí ann fadó a léamh níos mó, ceaptar.  Is mór an trua sin.  Táimid cosúil leis an ndéagóir, a thuigeann gach aon rud, agus níl suim dá laghad aige san eolas atá ag a thuismitheoirí.  Téann a leithéid ar strae.

 

Bhí duine ann fadó, Naomh Irenaeus, a bhí ina chónaí in Lugh-dhún (Lyon), sa Ghaill.  Bhí sé ina easpaig ansin.  Chuala sé Naomh Polacarp ag teagasc.  Bhí sé ina chomharba ar Naomh Phóiteanus.  Ba eiseann an chéad easpaig san áit sin é.  Dalta Pholacairp ab ea é.  Cé hé Polacarp?  Dalta Naoimh Eoin, Aspal Íosa.  Irenaeus, Póiteanus, agus Polacarp uile, bhí siad ina mairtírigh ar son an chreidimh.  Focal ar ‘finné’ é, ón nGréigis, mairtíreach.  Finnéithe chun báis ab ea iad.

 

Duine d’athracha na hEaglaise is ea é, Naomh Irenaeus.  Tá scríbhinn leis ann ón aois sin, agus tá stair iontaofa againn faoina shaothar. 4  Chaomhnaigh manaigh é i mainistir a bhunaigh manaigh ó mhainistir a bhunaigh Naomh Columba, sa Ghaill5.  Níl amhras ar bith ag éinne gur scríobh sé féin na leabhair atá againn.  Níl aon amhras ag éinne go bhfuair sé a chreideamh go díreach ó dhara glúinn na gCríostaithe, i líne gan bhriseadh ón Aspal Eoin, údar Shoiscéal Eoin, agus mar sin go díreach ó Íosa féin.  Tá foinsí údarásacha go leor againn6 gur scríobh Eoin an Soiscéal atá againn ina ainm, agus bhí sé glactha ag  na finnéithe eile san Eaglais bheo, daoine a raibh eolas díreach faoi na scéalta agus na ráitisí Chríost atá ann.  Tá na foinsí seo go léir iontaofa.

 

Scríobh an tIrenaeus seo leabhar dar teidil In Éadan na nEiriceach7, ina luann sé an Soiscéal Iúdáis seo.  Ní fhacthas é ón aois sin go dtí le déanaí, nuair a fuarthas san Éigipt é.  Leabhar a bhí ag an ndream ba mheasa de na daoine ar a dtugtar gnóisithe is ea é, agus ba iadsan na heiricigh a bhí i gceist ag Irenaeus.

 

Cé hiad na gnóisithe seo?  Sa Bhíobla, i nGníomhartha na nAspal, luaitear duine darb ainm Síomóin8, agus ba dhraoi é.  Ceapann daoine áirithe9 gurbh eisean an chéad gnóisí é.  Bhí sé ag iarraidh cumhacht an Spioraid Naoimh a cheannach, ionas go mbeadh sé in ann míorúiltí a dhéanamh mar a rinne na hAspail.  Ba mhaith leis míorúiltí a dhéanamh chun cumhacht a fháil.  Ba mhian leis rúin a fhoghlaim.  Ach ní dhéantar míorúiltí Dé chun cumhacht phearsanta a fháil, ach chun glóir Dé a thaispeáint, as carthanacht.  Agus múintear an Soiscéal go hoscailte i gcónaí – ní raibh rúin ann le foghlaim.

 

Ó aois na nAspal, bhí daoine mar sin ann.  Ba mhian leo cumhacht a fháil, agus lucht leanúna.  Ní raibh suim dá laghad acu in Íosa ná i gcreideamh na nAspal.  Ach bhí mórán spéise acu sna téarmaí agus sna hainmneacha a raibh na Críostaithe ag baint feidhm astu.  Thóg siad  na téarmaí tábhachtacha agus thug siad bríonna eile ar fad dóibh.  Thóg siad ainmneacha ó scríbhinn na nGiúdach, an sean-tiomna, agus ón Soiscéal, agus chum siad a scéalta féin fúthu.  Thóg siad slíoctha as a gcomhthéacs, agus rinne siad praiseach díobh.

 

Dúirt siad nach ionann Íosa agus Críost, ná Slánaitheoir, ná Mac an Duine, ná aon teidil eile dó.  Dúirt siad nach bhfuil ann i nDia an tsean-tiomna ach fo-dhia aineolach, ar a thug siad ‘Saor’ (Demiurge), agus go raibh déithe eile ann ar a dtug siad Aoiseanna (Aeons), atá níos cumhachtaí ná É.  Agus bhí na rudaí a bhíodh siad ag teagasc faoi rún.  Dúirt siad go bhfuair siad eolas nach raibh ag aon duine eile.  I gcás Shoiscéal Iúdáis, dúirt siad nach raibh an fíor-scéal faoi Chríost ag na hAspail go léir, ach bhí sé ag Iúdás amháin.  Agus chum siad scéalta, ag úsáid ainmneacha Íosa agus na nAspal, agus fiú focail ón mBíobla, ach ní raibh baint ar bith ag na scéalta seo le creideamh na gCríostaithe, a bhí beo ó na hAspail agus mar an gcéanna gach áit a raibh sé ann10.

 

Cén fáth go ndearna na gnóisí a leithéid?  Dúirt siad go raibh na daoine ag a raibh an t-eolas rúnda, dúirt siad go raibh siad sábháilte, go raibh cumhacht ar leith acu, go raibh siad ní ba eolaí agus ní ba chumhachtaí ná Dia na nGiúdach.  Dúirt siad go raibh Dia lochtach agus aineolach.  Ní raibh A dhlíthe ceart.  Dúirt daoine áirithe díobh11  go raibh sé i bhád ní b’fhearr malairt na ndlíthe sin a dhéanamh.  Bhí cead acu, mar dhaoine eolacha, pé rud a b’áil leo a dhéanamh.  Bhí siad in ann draíocht a dhéanamh (cleasa).  Dúirt daoine áirithe12  go raibh sé go breá gach aon rud a dhéanamh, chun gach aon taithí a fháil.  Agus dúirt siad nach maith an saol seo, ná aon rud fisiceach

 

Ba mhaith le mórán daoine an bhréag-saoirse sin.  D’íoc siad go leor airgid as an eolas rúnda.  Agus bhí cumhacht ag na múinteoirí sna seicteanna seo ar a lucht leanúna – go háirithe na mná.  Fuair siad gnéas go minic as an eolas a roinn siad leo. 13

 

Cumhacht, gnéas, airgead, cead a gcinn, agus mórtas.  Nach iad na rudaí céanna a bhíonn ag teastáil ó gach aon duine, gan Dia?  Sin an fáth go mbíonn an fonn céanna ar naimhde an chreidimh i gcónaí.  Creideann siad go bhfuil siad i bhfad níos cliste, go bhfuil a fhios acusan faoina bhfuil ceart agus mícheart, nach bhfuil cosc ar aon saghas gnéis, srl.

 

Tugtar ‘Cáinigh’14 ar an lucht ag a raibh Soiscéal Iúdáis.  Mhaígh siad gur gaolta le hÉasau, Cáin agus lucht Shodom iad.  Naimhde Dhia an tsean-tiomna, chreid na Cáinigh gurb iad siúd na daoine eolacha iad, agus na daoine a b’fhearr.  Bhí siad an-chosúil le lucht leanúna Shátain 15.  Creideann siad nach Dia an dia is cumhachtaí, agus gur féidir le daoine eolacha draíocht a dhéanamh – agus cumhacht a fháil, srl.

 

Déanann The Da Vinci Code an rud céanna mar a rinne na gnóisí.  Thóg Dan Brown, údar an leabhair sin, ainmneacha ón mBíobla agus ó shaol na gCríostaithe, agus thug sé bríonna eile dóibh, agus chum sé finscéal atá bunoscionn ó theagasc na Críostaíochta – go díreach mar a rinneadh i Soiscéal Iúdáis agus a leithéid.  Deir an t-údar gur ficsean atá ann16 an uair seo – ach mar sin féin, deir sé go bhfuil sé bunaithe ar rudaí fíor17.  Fíor ainmneacha, agus focail ón mBíobla, ach go díreach mar na gnóisí, trína chéile ar fad.

 

Mar a cheap G. K. Chesterton*,“The first effect of not believing in God is to believe in anything.” (Mura gcreideann duine i nDia, chreidfeadh sé in rud ar bith) 18.  Mar sin, tá mórán daoine ann a bhíonn ag lorg leithscéalta chun fáil réidh le Críost, agus glacann siad le scéal ar bith, fiú má thugann an t-údar féin ficsin air.  Bíonn dealramh ar na scéalta seo, uaireanta, don duine aineolach.  Creidtear go raibh Darwin ceart faoin éabhlóid sa dúlra.  Cén fáth nach mbeadh sé ceart faoi chúrsaí chreidimh, mar sin?  Ceaptar go bhfuil a chreideamh pearsanta ag gach duine.  Cén fáth nach ar chomh-chéim lena chéile iad na scéalta a insíonn gach duine, go háirithe nuair a thugtar ‘misteach’ ar an duine? 19  Má tá duine i ndáiríre faoin bhfírinne, agus ionraic, tá na foinsí ann chun an stair a thuiscint. 

 

Tá easaontas san Eaglais sa lá atá inniu ann.  Ní raibh sé amhlaidh sa dara haois, ach amháin faoi mhionrudaí, mar an féilire, agus mionlach a chuaigh ar strae in éadan easpaig na hEaglaise20 agus an Róimh21.  Dúirt Íosa “Labhair mé go poiblí leis an saol. Rinne mé teagasc i gcónaí i láthair sionagóige agus sa Teampall, mar a dtagann na Giúdaigh uile le chéile, agus ní dúirt mé aon ní faoi rún.” 21  Tá an fhírinne ar fáil go hoscailte.  Níl ach an t-aon Soiscéal amháin ann 23.  Fiú mura gcreideann duine in Íosa mar Dhia, níl aon amhras faoina theagasc, faoi na hAspail, agus na glúin Críostaithe go díreach ina dhiaidh.

 

Glacann beagnach gach Críostaí le Cré na nAspal a deir go ndearna Dia Neamh agus Talamh24.  Rinneadh an Chré, gach leagan di, chun an creideamh a shoiléiriú, mar fhreagraí údarásacha do na heiricigh – daoine mar na gnóisí, a bhí ag brú soiscéal eile ar na Críostaithe.  Tá siad ann chun an creideamh mar a fuarthas ó na hAspal é a mhíniú agus a chinntiú don Eaglais, ionas nach mbeadh amhras ná buairt ar éinne mar gheall ar aon teagasc bréagach.  Glacann Caitlicigh agus go leor Críostaithe eile leis an gCré Nicé,25 an leagan níos cuimsithí den Chré a rinneadh níos déanaí, a deir go ndearna Dia gach rud so-fheicthe agus do-fheicthe.  Is leor sin mar fhreagra do gach gnóisí.

 

Tagann ár gcreideamh aníos ó Íosa tríd na hAspail.  Sin an creideamh – glac nó ná glac.  Níl aon Soiscéal eile ann.

 

 

1 The DaVinci Code by Dan Brown, Doubleday, 2003

 

2  The Judas Gospel, Andrew Cockburn, National Geographic, May 2006.

http://www.ngm.com/gospel

 

3 Cóheilit 1:9.  Gach sliocht as An Bíobla Naofa, Pádraig Ó Fiannachta, eagarthóir, Maigh Nuad.

 

4  Against the Heresies/Saint Irenaeus of Lyons, Book 1. Dominic J. Unger agus John J. Dillon, aistritheoirí.  Paulist Press, 1992.  l. 2-3 #4-5, l. 116-117 nóta 12. 

 

5 Ibid., l.12 #37.

 

6 The Catholic Encyclopedia, http://www.newadvent.org/cathen/index.html:  The Gospel of Saint John.

 

7 Against the Heresies (Book 1), op. sit., l. 2 #4.

 

8 Gníomhartha na nAspal, 8:9-24

 

9 Against the Heresies (Book 1), op. sit. Caibidil 23, agus nóta 1, l. 227-9.

 

10  Ibid. Caibidil 10.  Freisin, Leabhar III, c.3.  Freisin:     The Compact History of the Catholic Church, Alan Schreck, Servant Books, 1982, l. 15-20. 

 

11 Ibid. Caibidil 27.

 

12 Ibid. Caibidil 25 #4-5, Caibidil 31 # 2.

 

13 Ibid. l. 57-8, c.13 #5, l.268, nóta 65.

 

14 Ibid. l.102-103.

 

15 http://www.paganlibrary.com/introductory/introduction_satanism.php, mar shampla.

 

16 http://www.danbrown.com/novels/davinci_code/faqs.html – The Official Website of #1 National Bestselling Author Dan Brown, FAQs, How Much of This Novel is True?

 

17 Ibid., agus faoin ‘Fact Page.’

 

18  Ceaptar go ndúirt  G. K. Chesterton, é seo, ach tá sé amhrasach.  http://www.chesterton.org/qmeister2/any-everything.htm

 

19 National Geographic, op. sit.,  tráchtanna Marvin Meyer, l 87-88.

 

20 The Catholic Encyclopedia, http://www.newadvent.org/cathen/08130b.htm, Irenaeus. 

 

21 The Catholic Encyclopedia,  http://www.newadvent.org/fathers/0103304.htm - Against the Heresies leabhar 3, caibidil 3 agus caibidil 4.

 

22  Eoin 18:20

 

23 Galataigh 1:8, “Mar, má dhéanaimidne féin nó aingeal ó neamh dea-scéal a fhógairt daoibh a bheadh bunoscionn leis an dea-scéal atá fógartha againn, go raibh mallacht Dé air.” agus II Corantaigh 11, mar shampla.

 

24 The Creed, Bernard L. Marthaler, Twenty-Third Publications, 1987.  l. 52-55 (faoi Irenaeus).  Mura glacann, glacann siad leis an mBíobla a deir an rud céanna: “I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh.” Geineasas 1:1.

 

25 Ibid.  l. 19-20 (faoin gCré Nicé).