Foras Feasa ar Iosrael
Le Séamas Ó Neachtain
Deireadh Fómhair
2002
Ní minic go gcloistear
aon rud as Gaeilge faoi Iosrael nach bhfuil ag ath-insint bhréagacha
na bPalaistínach/nArabach. Sin a fáth
go ndearna mé an liosta seo. Is ábhair ró-mhór é chun alt ceart a scríobh air, agus tá mórán leabhar agus suímh ar an
idirlíon, as Béarla agus as Eabhrais
go háirithe, atá níos cuimsithí, agus tá naisc agam ar fud an leathaigh seo chuig
cúpla acu. Tá blúirín eile agam ag deireadh
an ailt seo faoin dearcadh coiteanta Éireannach ar an ábhair seo.
- Tá a fhios ag madra an bhaile go bhfuil na Giúdaigh
ina gcónaí in Iosrael leis na mílte bliain. Bhí náisiún acu le tamall fada ann, agus ina dhiaidh, bhí
siad ann i measc na naisiún
eile. Tá an scéal ar
fad sa Bhíobla, an leabhar is cáiliúla agus is
mó díolta ar domhan.
Tá na scéalta seo againn ón analód, thart ar mhíle bliain roimh Mhohamad. http://www.susancanthony.com/AboutSusan/biblejew.html
- Ní raibh náisiún ar a dtugtar ‘Palaistín’ ann.
Thug an Rómhánach Hadrian an teidil
sin ar an gceantar, mar mhasla
do na Giúdaigh. Rinne siad an
t-ainm as ainm shean-namhaid Iosrael, na Filistínigh. Ní hionann iadsan agus na Palaistínigh atá ann inniu. http://www.israelunitycoalition.com/archive/may01/052601_israelorpalestine.htm
- Níl muintir ann sa stair ar a dtugtar ‘Palaistínigh.’
Thosaigh an nós sin i ndiaidh 1947. Is Arabaigh iad na ‘Palaistínigh’ sa lá atá
inniu ann. http://shop.store.yahoo.com/netanyahu/peopthatneve.html
- Ní raibh an tír sin (Iosrael) leis na ‘Palaistínigh’ mar mhuintir riamh. I ndiaidh na Rómhánach, bhí an tír seo i seilbh na nArabach as Damascas, ansin le hArabaigh as Bagdaid, agus ansin, le tamall fada, leis
na Turcaigh (Ottomon) suas go dtí an chéad chogadh domhanda. Chaill siad é,
agus thug an League of Nations é mar chúram do na Sasanigh (an "British
Mandate"). Bhí Arabaigh agus Giúdaigh ina gcónaí ann ag an
am sin. http://masada2000.org/
- Bhí Síonaigh (Zionists) ag teacht abhaile
go hIosrael (Pailistín)
ón naoú aois déag i leith (http://jewishpeople.net/hisofzion.html). I ndiaidh
tubáiste an Uileloiscthe,
tháinig siad ina mílte chun éalú ó na tíortha a bhí dá márú. Theith siad ó na cumannaithe, ón Rúis go háirithe, freisin. Fíor-theibí atá iontu, roinnt
mhaith acu. Thug Meiriceánaigh agus daoine eile tacaíocht dóibh (díreach mar
a rinne siad ar son na hÉireann).
- Chonaic siad a seans chun a dtír dhúchais a fháil ar ais
mar naisiún, agus rinne siad é ag deireadh an tsainordaithe Shasanaigh in 1947-48 (http://www.mfa.gov.il/mfa/go.asp?MFAH00ul0). Bhí conspóid
ann ag an am, ach ní raibh rún
ag na Giúdaigh riamh
na hArabaigh a dhíbirt
as a dtír.
- Tharla gur inis na hArabaigh
bréagacha faoi na Giúdaigh a chuir scanradh ar
a gcairde sa tír. Gheall siad dóibh go mbeadh a dtír féin ann gan Giúdach má thréagann siad an
tír go ceann tamaill. Bheadh an bua ag na hArabaigh, a dúirt siad. Ach níor tharla, agus anois, tá na hArabaigh Palaistíneacha ina dteifidí.
http://shop.store.yahoo.com/netanyahu/werpalex.html
- Shocraigh na Náisiúin Aontaithe ar réiteach ar cheist na Palaistíne in 1947, agus thug siad a stáit féin do na Palaistínigh
agus do na Giúdaigh (http://www.yale.edu/lawweb/avalon/un/res181.htm). Ach dhiúltaigh
na Palaistínigh an plean seo. Ní raibh siad sásta gan an tír ar fad a bheith ina seilbh féin. Sin mar atá ó
shin i leith.
- Gach uair a d’ionsaigh na hArabaigh Iosrael, bhuaigh na hIosraeligh. Agus
gach uair, thug siad ar ais cuid
den chríoch a bhuaigh
siad, ag iarriadh an tsíocháin a chothú. Ní dhearna aon tír eile a leithéid. Ach ní bhfuair siad tada mar chúiteamh air (http://www.foigm.org/IMG/peace.htm).
- Tá talamh ann go fairsing ar fud an tsaoil Arabaigh, ach níor thug fiú tír amháin aon tairiscint do na ‘teifidí’ chun baile ceart a dhéanamh dóibh féin inti. Tá siad go léir ag fanacht le bua ar Iosrael. An fhíric sin, agus
an saghas duine atá ina mbun (Yassar Arafat, sin a rá - http://www.iris.org.il/quotes/quote35.htm), sin iad is cionsiocair leis an stád uafásach ina maireann na Palaistínigh faoi láthair.
- Níl na tíortha Arabhacha ag cabhrú na bPalaistíneach i gceart, cé go bhfuil siad go léir an-saibhir
as an ola atá acu.
Bíonn siad ag spreagadh
na sceimhlitheoireachta.
- Is
é an rud is measa dóibh ná an sceimhlitheoireacht. Mar gheall
uirthi sin, ní mór do na
Iosraeligh sibh féin a
chosaint, agus uaireanta
tá siad ag ais-ionsaithe a naimhde
chun cosc a chur ar a gcuid dúnmharaithe. Níl aon chiall leis, agus níl aon toradh
maith le teacht as an sceimhlitheoireacht. Is é seo
an príomhchúis atá taobh thiar bhochtanas na ndaoine Palaistíneacha.
- Ar
an lámh eile, is Iosrael an tír dhaonlathach amháin sa Mheán-oirthear. Is tír shaibhir í, d’ainneoin go bhfuil
siad gan ola (mar atá go fluirseach ag na hArabaigh).
An Iosrael agus Éire
D’aineoinn a mbíonn ann sna nuachtáin Ghaeilge, níl gach Éireannach ag tabhairt tacaíochta do na Palaistínigh. Is
minic go bhfuil Éireannach ann atá ag iarraidh
réiteach cothrom idir Iosrael agus na hArabaigh a fháil.
Tá cairde ag Iosrael in Éirinn, freisin:
http://homepage.tinet.ie/~jewishireland/. Is tíortha beaga iad Iosrael
agus Éire. D’fhulaing an dá phobal an leatrom agus an fuath. Rinne na hIosraeligh ath-bheochaint ar a
dteanga féin, cosúil mar ab fhéidir
leis na hÉireannaigh a dhéanamh
chun a dteanga féin a neartú
(dá mbeadh an toil ann). Ba chóir
go mbeadh an dá mhuintir cairdiúil lena chéile – agus bíonn, go minic.
Ach de réir dealraimh,
tá mórán naimhde ag Iosrael in Éirinn
freisin. Ceapainn daoine go bhfuil cosúlacht ann idir eachtraí na Sasanach in Éirinn agus sa Mheán Oirthear,
agus dar leo, is daoine faoi
leatrom iad na Palaistínigh. Agus is cuma leo an sceimhlitheoireacht.
Glactar
leis in Éirinn féin, faraor.
Is minic go mbíonn na daoine seo ina n-iarchimí in Éirinn (http://www.beo.ie/2002-03/liz.asp), agus uaireanta
ina gcumannaithe (Féach ar agallamh na míosa in SAOL, Deireadh Fómhair 2002), agus fonn troda orthu. Is oth liom a rá
go bhfuil an frithghiúdachas
beo fós, freisin. Bíonn an preas Éireannach ag cáineadh Iosrael,
agus ag déanamh neamhiontais
ar fhuath agus coireanna na
nArabach. Is maith le daoine áirithe,
mar "Eorpaigh," dul
in aghaidh na Stáit Aontaithe
chomh minic agus is féidir,
agus cé go mbíonn Meiriceá
ag iarraidh réiteach cothrom a aimsiú in Iosrael, agus ag tabhairt airgid don dá thaobh araon, féachann
siad ar na Stáit mar an cara
amháin atá ag Iosrael, agus
mar sin is fuath leo Iosrael.
Ba chóir do gach Éireannach
féachaint ar na rudaí seo, agus ath-scagadh a dhéanamh ar an gceist. Go mbeadh an bua ag na daoine is ciallmhaire!
Naisc eile (as Béarla):